Forbraíodh an Clár um Bealaí Sábháilte chun na Scoile (SRTS) i gcomhpháirtíocht leis an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) agus le Scoileanna Glasa in 2020 mar fhreagairt ar an ngá atá ann chun tacú le scoileanna siúl agus rothaíocht go agus ó sheomra na scoile a mhéadú.

Tá sé de chúram ar an bhfoireann um Thaisteal Gníomhach Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh an bonneagar a sheachadadh chun an Scéim a sholáthar, tar éis iarratais rathúla ar mhaoiniú ó na scoileanna a cuireadh go díreach chuig an Údarás Náisiúnta Iompair.
Aidhmeanna an Chláir SRTS:
- Feabhas a chur ar shábháilteacht ag geata na scoile trí chóireálacha ag geata na scoile a sholáthar chun brú tráchta a mhaolú agus rochtain a fheabhsú;
- Feabhas a chur ar bhealaí rochtana chun na scoile trí bhonneagar siúlóide agus rothaíochta a fheabhsú; agus
- Líon na ndaltaí a théann ar rothar chun na scoile a mhéadú trí líon na páirceála rothar a mhéadú