Bealaí Sábháilte chun na Scoile - Bóthar an Chorrbhaile

Rinneadh an Clár um Bealaí Sábháilte chun na Scoile (SRTS) fhorbairt i gcomhpháirt leis an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) agus le Scoileanna Glasa in 2020 mar fhreagra ar an ngá atá le tacaíocht a thabhairt do scoileanna chun líon na ndaoine a shiúlann nó a thagann ar rothar chun na scoile a mhéadú.

  • Safe Routes to School Programme - Corbally Road
  • Safe Routes to School Programme - Corbally Road
  • Safe Routes to School Programme - Corbally Road
  • Safe Routes to School Programme - Corbally Road

Tá sé de chúram ar an bhfoireann um Thaisteal Gníomhach Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh an bonneagar a sheachadadh chun an Scéim a sholáthar, tar éis iarratais rathúla ar mhaoiniú ó na scoileanna a cuireadh go díreach chuig an Údarás Náisiúnta Iompair.

Roghnaíodh Scoil Íde agus Coláiste Naomh Mainchín le cur san áireamh sa chéad bhabhta den chlár um Bealaí Sábháilte chun na Scoile in 2021.

An Scéim:

Tá sé beartaithe go rithfeadh an tionscadal thart ar 400 méadar ó Scoil Íde go Coláiste Naomh Mainchín.

Tá sé beartaithe spás cosáin roinnte do choisithe agus do rothaithe a shuiteáil ar thaobh Scoil Íde de Bhóthar an Chorrbhaile, chomh maith leis an gcosán ar thaobh Irish Estates a leathnú.

I ndiaidh di dul trí phróiseas comhairliúcháin, rinne Comhairleoirí an Scéim a fhormheas trí iarratas pleanála Chuid 8 i mí Dheireadh Fómhair 2023.

Tá Dearadh Mionsonraithe á dhéanamh ar an Scéim faoi láthair agus táthar chun dul ar aghaidh leis an tógáil ina dhiaidh sin.

This service is provided by

Active Travel

Phone +353 61 556000