Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, i gcomhpháirtíocht leis an Údarás Náisiúnta Iompair agus Comhairleoirí Jacobs, tar éis tús a chur le Plean Iompair nua Lár Chathair Luimnigh a fhorbairt, mar a shainordaítear le Cuspóir TR 046 de Phlean Forbartha Luimnigh 2022-2028.
Na Príomhchuspóirí:
Is é cuspóir uileghabhálach an Phlean Iompair ná Lár Cathrach a chruthú ina mbeidh daoine ag iarraidh a bheith ina gcónaí ann, agus a bheith ag siopadóireacht, ag obair, ag infheistiú agus ag bualadh lena chéile ann. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, díreoidh an Plean ar riachtanais iompair Chathair Luimnigh, ag smaoineamh ar an bhfás dóchúil amach anseo i lár cheantar na cathrach agus ar riachtanais na cathrach chun a príomhbhealaí /príomhchonairí comaitéirí a éascú.
Críochnóidh an obair le Plean Iompair Lár Chathair Luimnigh ina leagfar síos conas a athrófar an soláthar iompair chun cur i bhfeidhm Phlean Forbartha Luimnigh 2022-2028 agus Straitéis Iompair Mórcheantar Uirbeach Luimneach Sionainn (SIMULS) araon a éascú agus ina dtabharfar breac-chuntas ar shocruithe féideartha nua maidir leis an líonra iompair chun a chinntiú go bhfuil an soláthar iompair laistigh den chathair cothromaithe i dtreo gluaiseacht daoine agus earraí seachas gluaiseacht feithiclí príobháideacha.
Leantar 7 gcéim dea-shainithe le hullmhú an phlean.
|
Céim |
Stádas |
1. |
Bunú |
Críochnaithe |
2. |
Raon Feidhme & Cuspóirí a Bhunú (Suirbhé réamhdhréachta agus Anailís ar bhearnaí san áireamh) |
Críochnaithe |
3. |
Measúnú ar an mBonnlíne (suirbhé miondíola, athbhreithniú beartais, Forbhreathnú ar pháirceáil agus rochtain srl.) |
Críochnaithe |
4. |
Sainaithint & Forbairt Roghanna (Samhaltú & anailís ilchritéar, cás-staidéir srl. san áireamh) |
Dul chun cinn maith déanta |
5. |
Ullmhú an Phlean (measúnuithe comhshaoil san áireamh) |
R4-2024 |
6. |
Comhairliúchán Poiblí (Rannpháirtíocht ó pháirtithe leasmhara san áireamh) |
R1-2025 |
7. |
Tabhairt chun críche an Phlean |
2025 |
Nuair a bheidh an plean críochnaithe, beidh tuarascáil neamhtheicniúil sa phlean ina gcuirfear i láthair na forbairtí líonra iompair is fearr agus na feabhsuithe a bhaineann leis an réimse poiblí laistigh de Lár Chathair Luimnigh.
Chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt an Phlean Iompair, rinne Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh roinnt suirbhéanna i mí Iúil 2024.
- Suirbhé Réamhdhréachta agus
- Suirbhé ar Shiopadóirí Lár Chathair Luimnigh
Déantar na suirbhéanna sin chun aiseolas a bhailiú maidir leis na nósanna taistil atá i Lár Chathair Luimnigh faoi láthair agus dearcthaí daoine a lorg maidir leis an líonra iompair atá ann cheana agus maidir le haon athrú féideartha & is féidir na torthaí a fheiceáil trí na naisc thíos.
Leis na léargais a fuarthas ón suirbhé, treorófar forbairt Dhréachtphlean Iompair Lár Chathair Luimnigh.
Coinnigh tú féin ar an eolas:
Le tuilleadh sonraí a fháil maidir le Plean Iompair Lár Chathair Luimnigh nó má bhíonn ceist ar bith agat, le do thoil déan teagmháil linn ag transportplan@limerick.ie
Íoslódáil na doiciméid is déanaí