Plean Iompair Lár Chathair Luimnigh

Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, i gcomhpháirtíocht leis an Údarás Náisiúnta Iompair agus Comhairleoirí Jacobs, tar éis tús a chur le Plean Iompair nua Lár Chathair Luimnigh a fhorbairt, mar a shainordaítear le Cuspóir TR 046 de Phlean Forbartha Luimnigh 2022-2028.

Na Príomhchuspóirí:

Is é cuspóir uileghabhálach an Phlean Iompair ná Lár Cathrach a chruthú ina mbeidh daoine ag iarraidh a bheith ina gcónaí ann, agus a bheith ag siopadóireacht, ag obair, ag infheistiú agus ag bualadh lena chéile ann. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, díreoidh an Plean ar riachtanais iompair Chathair Luimnigh, ag smaoineamh ar an bhfás dóchúil amach anseo i lár cheantar na cathrach agus ar riachtanais na cathrach chun a príomhbhealaí /príomhchonairí comaitéirí a éascú.

Críochnóidh an obair le Plean Iompair Lár Chathair Luimnigh ina leagfar síos conas a athrófar an soláthar iompair chun cur i bhfeidhm Phlean Forbartha Luimnigh 2022-2028 agus Straitéis Iompair Mórcheantar Uirbeach Luimneach Sionainn (SIMULS) araon a éascú agus ina dtabharfar breac-chuntas ar shocruithe féideartha nua maidir leis an líonra iompair chun a chinntiú go bhfuil an soláthar iompair laistigh den chathair cothromaithe i dtreo gluaiseacht daoine agus earraí seachas gluaiseacht feithiclí príobháideacha.

Leantar 7 gcéim dea-shainithe le hullmhú an phlean.

 

Céim

Stádas

1.

Bunú

Críochnaithe

2.

Raon Feidhme & Cuspóirí a Bhunú (Suirbhé réamhdhréachta agus Anailís ar bhearnaí san áireamh)

Críochnaithe

3.

Measúnú ar an mBonnlíne (suirbhé miondíola, athbhreithniú beartais, Forbhreathnú ar pháirceáil agus rochtain srl.)

Críochnaithe

4.

Sainaithint & Forbairt Roghanna (Samhaltú & anailís ilchritéar, cás-staidéir srl. san áireamh)

Dul chun cinn maith déanta

5.

Ullmhú an Phlean (measúnuithe comhshaoil san áireamh)

R4-2024

6.

Comhairliúchán Poiblí (Rannpháirtíocht ó pháirtithe leasmhara san áireamh)

R1-2025

7.

Tabhairt chun críche an Phlean

2025

Nuair a bheidh an plean críochnaithe, beidh tuarascáil neamhtheicniúil sa phlean ina gcuirfear i láthair na forbairtí líonra iompair is fearr agus na feabhsuithe a bhaineann leis an réimse poiblí laistigh de Lár Chathair Luimnigh.

Chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt an Phlean Iompair, rinne Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh roinnt suirbhéanna i mí Iúil 2024.

  • Suirbhé Réamhdhréachta agus
  • Suirbhé ar Shiopadóirí Lár Chathair Luimnigh

Déantar na suirbhéanna sin chun aiseolas a bhailiú maidir leis na nósanna taistil atá i Lár Chathair Luimnigh faoi láthair agus dearcthaí daoine a lorg maidir leis an líonra iompair atá ann cheana agus maidir le haon athrú féideartha & is féidir na torthaí a fheiceáil trí na naisc thíos.

Leis na léargais a fuarthas ón suirbhé, treorófar forbairt Dhréachtphlean Iompair Lár Chathair Luimnigh.

Coinnigh tú féin ar an eolas:

 Le tuilleadh sonraí a fháil maidir le Plean Iompair Lár Chathair Luimnigh nó má bhíonn ceist ar bith agat, le do thoil déan teagmháil linn ag transportplan@limerick.ie

Íoslódáil na doiciméid is déanaí