Toghchán Áitiúil, Toghchán Eorpach, Toghchán Mhéara Luimnigh, 7ú Meitheamh 2024.
Póstaeir Toghcháin 2024 CC
- Roimh thoghchán, cé mhéad lá roimh ré a bhfuil cead ag iarrthóirí póstaeir a chur in airde?
- Cé mhéad lá i ndiaidh an toghcháin a chaithfear póstaeir a thógáil anuas?
- Cén áit ar féidir póstaeir a chur in airde?
- An féidir le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh póstaeir toghcháin a bhaint?
- An bhfuil srianta ar phóstaeir a chur suas thart ar stáisiúin vótála?
- An féidir póstaeir a chur ar fheithiclí atá páirceáilte?
- An féidir Póstaeir a chur suas ar chláir fógraí?
- Cén t-eolas nach mór a bheith sa Phóstaer Toghcháin?
Roimh thoghchán, cé mhéad lá roimh ré a bhfuil cead ag iarrthóirí póstaeir a chur in airde?
De réir Alt 19 den Acht um Thruailliú ó Bhruscar, ní féidir póstaeir a chur in airde ach 30 lá roimh an lá vótaíochta nó ón dáta a rinneadh an t-ordú um lá vótaíochta don toghchán, cibé acu is giorra an tréimhse ama. Tá an toghchán le bheith ar siúl Dé hAoine 7ú Meitheamh 2024 agus mar sinis féidir póstaeir a chur in airde ón gCéadaoin 8ú Bealtaine 2024.
Cé mhéad lá i ndiaidh an toghcháin a chaithfear póstaeir a thógáil anuas?
De réir Alt 19 den Acht um Thruailliú ó Bhruscar, ní mór póstaeir toghcháin agus ceangail chábla a bhaint ar shiúl laistigh de 7 lá ón lá vótaíochta. Do thoghchán 2024 atá le teacht ní mór póstaeir a bhaint faoi mheánoíche Dé hAoine 14ú Meitheamh 2024.
Cén áit ar féidir póstaeir a chur in airde?
Níor cheart go gcuirfeadh póstaeir toghcháin isteach ar choisithe ná ar úsáideoirí bóithre eile. Tá ceangaltais sna hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre maidir le línte soiléire radhairc a choinneáil d'úsáideoirí bóithre a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar an áit ar féidir póstaeir a chur, e.g. gan a bheith ar chomharthaí bóthair, ag acomhail tráchta nó ar thimpealláin áit a bhféadfaidís rioscaí sábháilteachta ar bhóithre a bheith mar thoradh orthu. Is cion é aon chomhartha nó fógra a chur in airde a chuireann bac ar infheictheacht comharthaí tráchta d'úsáideoirí bóithre (An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1961, Alt 95, Fo-alt 14). Ba cheart dóibh siúd a chuireann póstaeir in airde a bheith an-stuama agus iad ar bhóithre nó gar dóibh agus ba cheart dóibh a bheith ar an eolas faoina sábháilteacht fhisiciúil féin agus faoi shábháilteacht úsáideoirí bóithre eile, e.g. bóithre a thrasnú a bhfuil trácht trom orthu, bac a chur ar chosáin, páirceáil feithiclí etc.
- Níor cheart póstaeir a chur ar thimpealláin, ar mhótarbhealaí, gar d'acomhail ná in áit ar bith a chuirfeadh comharthaí reachtúla bóthair, tráchta nó coisithe i mbaol
- Ní mór gach comhartha a chur suas ag uasairde 4.5 méadar os cionn cosáin nó cosáin rothaíochta agus níor cheart go gcuirfeadh sé isteach ar choisithe ná ar úsáideoirí bóithre eile.
- Ní cheadaítear greamacháin ná feistiú miotail.
- Ní mór comharthaí a fheistiú go daingean ag a láithreáin.
- Níor cheart ceangail chábla a chur ar leibhéal a d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh do choisithe nó do rothaithe.
An féidir le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh póstaeir toghcháin a bhaint?
Is féidir. Tugann Alt 20 den Acht um Thruailliú ó Bhruscar an chumhacht d'údaráis áitiúla fógraí a sheirbheáil agus póstaeir a bhaint, más cosúil gur ar mhaithe le leas an cheantair nó na timpeallachta é sin a dhéanamh.
Sa chás nach mbaintear póstaer toghcháin laistigh de 7 lá tar éis dháta an toghcháin, bainfidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh é agus eiseofar fíneáil €150 ar an láthair de réir an Achta um Thruailliú ó Bhruscar.
Sa chás go dtabhaíonn an Chomhairle costais maidir le póstaeir a bhaint, féadfar costais a aisghabháil ón iarrthóir.
Ba cheart gearáin faoi phóstaeir toghcháin a dhéanamh le Seirbhísí do Chustaiméirí LCCC 061 556000 customerservices@limerick.ie agus sonraí agat faoi chineál an ghearáin agus faoi shuíomh beacht an phóstaeir chun gur féidir leis an bhFoireann Forfheidhmithe Bruscair iniúchadh a dhéanamh.
An bhfuil srianta ar phóstaeir a chur suas thart ar stáisiúin vótála?
Tá. Faoi na hAchtanna Toghcháin, ní féidir póstaeir a thaispeáint laistigh de 50 méadar ó stáisiún vótála. Tagann an srian seo i bhfeidhm 30 nóiméad roimh thús oifigiúil na vótála agus maireann sé go dtí 30 nóiméad tar éis do na pobalbhreitheanna a bheith dúnta. D'fhéadfadh téarma príosúin suas le 2 bhliain a bheith mar thoradh ar shárú an cheangaltais seo.
An féidir póstaeir a chur ar fheithiclí atá páirceáilte?
Ní cion é seo faoi na hAchtanna um Thruailliú ó Bhruscar. Mar sin féin, is cion é faoi alt 19 den Acht fógraí a chur ar fheithiclí inneallghluaiste mura bhfuil siad daingnithe ar mhodh meicniúil e.g. toirmisctear fógráin a chur ar chuimilteoirí gaothscátha (ní áirítear leis seo péint, cabhradh, inscribe nó cur i bhfeidhm trí aon mhodh aistrithe litreacha, figiúirí nó íomhánna ar chorp na feithicle nó chuig corp na feithicle).
An féidir Póstaeir a chur suas ar chláir fógraí?
Fógraíocht tráchtála atá i gceist seachas postaeireacht toghcháin. Mar sin is féidir le duine ar bith an fhógraíocht seo a cheannach ag am ar bith den bhliain chun a dtáirge / seirbhís a fhógairt. Tá rialachán pleanála ann a bhaineann leis an gcineál seo spáis fógraíochta ar cheart é a sheiceáil le rannóg pleanála Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.
Cén t-eolas nach mór a bheith sa Phóstaer Toghcháin?
Faoin reachtaíocht toghcháin, ní mór ainm agus seoladh an chlódóra agus an fhoilsitheora a bheith priontáilte ar a aghaidh an phóstaeir. Is cion é ainm agus seoladh an chlódóra agus an fhoilsitheora a fhágáil ar lár.
Reachtaíocht Ábhartha:
An tAcht um Thruailliú ó Bhruscar 1997, arna leasú |
An tAcht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003 |
Rialacháin Pleanála agus Forbartha |
An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997 |
Na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla 1995 |
An tAcht Toghcháin 1992 |
Na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre |