Póstaeir Toghcháin

Toghchán Áitiúil, Toghchán Eorpach, Toghchán Mhéara Luimnigh, 7ú Meitheamh 2024.

Póstaeir Toghcháin 2024 CC

Roimh thoghchán, cé mhéad lá roimh ré a bhfuil cead ag iarrthóirí póstaeir a chur in airde?

De réir Alt 19 den Acht um Thruailliú ó Bhruscar, ní féidir póstaeir a chur in airde ach 30 lá roimh an lá vótaíochta nó ón dáta a rinneadh an t-ordú um lá vótaíochta don toghchán, cibé acu is giorra an tréimhse ama. Tá an toghchán le bheith ar siúl Dé hAoine 7ú Meitheamh 2024 agus mar sinis féidir póstaeir a chur in airde ón gCéadaoin 8ú Bealtaine 2024.

Cé mhéad lá i ndiaidh an toghcháin a chaithfear póstaeir a thógáil anuas?

De réir Alt 19 den Acht um Thruailliú ó Bhruscar, ní mór póstaeir toghcháin agus ceangail chábla a bhaint ar shiúl laistigh de 7 lá ón lá vótaíochta. Do thoghchán 2024 atá le teacht ní mór póstaeir a bhaint faoi mheánoíche Dé hAoine 14ú Meitheamh 2024.

Cén áit ar féidir póstaeir a chur in airde?

Níor cheart go gcuirfeadh póstaeir toghcháin isteach ar choisithe ná ar úsáideoirí bóithre eile. Tá ceangaltais sna hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre maidir le línte soiléire radhairc a choinneáil d'úsáideoirí bóithre a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar an áit ar féidir póstaeir a chur, e.g. gan a bheith ar chomharthaí bóthair, ag acomhail tráchta nó ar thimpealláin áit a bhféadfaidís rioscaí sábháilteachta ar bhóithre a bheith mar thoradh orthu. Is cion é aon chomhartha nó fógra a chur in airde a chuireann bac ar infheictheacht comharthaí tráchta d'úsáideoirí bóithre (An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1961, Alt 95, Fo-alt 14). Ba cheart dóibh siúd a chuireann póstaeir in airde a bheith an-stuama agus iad ar bhóithre nó gar dóibh agus ba cheart dóibh a bheith ar an eolas faoina sábháilteacht fhisiciúil féin agus faoi shábháilteacht úsáideoirí bóithre eile, e.g. bóithre a thrasnú a bhfuil trácht trom orthu, bac a chur ar chosáin, páirceáil feithiclí etc.

  • Níor cheart póstaeir a chur ar thimpealláin, ar mhótarbhealaí, gar d'acomhail ná in áit ar bith a chuirfeadh comharthaí reachtúla bóthair, tráchta nó coisithe i mbaol
  • Ní mór gach comhartha a chur suas ag uasairde 4.5 méadar os cionn cosáin nó cosáin rothaíochta agus níor cheart go gcuirfeadh sé isteach ar choisithe ná ar úsáideoirí bóithre eile.
  • Ní cheadaítear greamacháin ná feistiú miotail.
  • Ní mór comharthaí a fheistiú go daingean ag a láithreáin.
  • Níor cheart ceangail chábla a chur ar leibhéal a d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh do choisithe nó do rothaithe.

An féidir le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh póstaeir toghcháin a bhaint?

Is féidir. Tugann Alt 20 den Acht um Thruailliú ó Bhruscar an chumhacht d'údaráis áitiúla fógraí a sheirbheáil agus póstaeir a bhaint, más cosúil gur ar mhaithe le leas an cheantair nó na timpeallachta é sin a dhéanamh.

Sa chás nach mbaintear póstaer toghcháin laistigh de 7 lá tar éis dháta an toghcháin, bainfidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh é agus eiseofar fíneáil €150 ar an láthair de réir an Achta um Thruailliú ó Bhruscar.

Sa chás go dtabhaíonn an Chomhairle costais maidir le póstaeir a bhaint, féadfar costais a aisghabháil ón iarrthóir.

Ba cheart gearáin faoi phóstaeir toghcháin a dhéanamh le Seirbhísí do Chustaiméirí LCCC 061 556000 customerservices@limerick.ie agus sonraí agat faoi chineál an ghearáin agus faoi shuíomh beacht an phóstaeir chun gur féidir leis an bhFoireann Forfheidhmithe Bruscair iniúchadh a dhéanamh.

An bhfuil srianta ar phóstaeir a chur suas thart ar stáisiúin vótála?

Tá. Faoi na hAchtanna Toghcháin, ní féidir póstaeir a thaispeáint laistigh de 50 méadar ó stáisiún vótála. Tagann an srian seo i bhfeidhm 30 nóiméad roimh thús oifigiúil na vótála agus maireann sé go dtí 30 nóiméad tar éis do na pobalbhreitheanna a bheith dúnta. D'fhéadfadh téarma príosúin suas le 2 bhliain a bheith mar thoradh ar shárú an cheangaltais seo.

An féidir póstaeir a chur ar fheithiclí atá páirceáilte?

Ní cion é seo faoi na hAchtanna um Thruailliú ó Bhruscar. Mar sin féin, is cion é faoi alt 19 den Acht fógraí a chur ar fheithiclí inneallghluaiste mura bhfuil siad daingnithe ar mhodh meicniúil e.g. toirmisctear fógráin a chur ar chuimilteoirí gaothscátha (ní áirítear leis seo péint, cabhradh, inscribe nó cur i bhfeidhm trí aon mhodh aistrithe litreacha, figiúirí nó íomhánna ar chorp na feithicle nó chuig corp na feithicle).

An féidir Póstaeir a chur suas ar chláir fógraí?

Fógraíocht tráchtála atá i gceist seachas postaeireacht toghcháin. Mar sin is féidir le duine ar bith an fhógraíocht seo a cheannach ag am ar bith den bhliain chun a dtáirge / seirbhís a fhógairt. Tá rialachán pleanála ann a bhaineann leis an gcineál seo spáis fógraíochta ar cheart é a sheiceáil le rannóg pleanála Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.

Cén t-eolas nach mór a bheith sa Phóstaer Toghcháin?

Faoin reachtaíocht toghcháin, ní mór ainm agus seoladh an chlódóra agus an fhoilsitheora a bheith priontáilte ar a aghaidh an phóstaeir. Is cion é ainm agus seoladh an chlódóra agus an fhoilsitheora a fhágáil ar lár.

Reachtaíocht Ábhartha:

An tAcht um Thruailliú ó Bhruscar 1997, arna leasú

An tAcht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003

Rialacháin Pleanála agus Forbartha

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997

Na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla 1995

An tAcht Toghcháin 1992

Na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre