Bealaí Sábháilte chun na Scoile - Gaelscoil Sairseal

Rinneadh an Clár um Bealaí Sábháilte chun na Scoile (SRTS) fhorbairt i gcomhpháirt leis an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) agus le Scoileanna Glasa in 2020 mar fhreagra ar an ngá atá le tacaíocht a thabhairt do scoileanna chun líon na ndaoine a shiúlann nó a thagann ar rothar chun na scoile a mhéadú.

  • Pictured at a Safe Routes to School Launch at Gaelscoil Sáirséal, Shelbourne Road Limerick. Pic: Don Moloney
  • Pictured at a Safe Routes to School Launch at Gaelscoil Sáirséal, Shelbourne Road Limerick. Pic: Don Moloney
  • Gaelscoil Sairseal Safe Routes to School

Tá sé de chúram ar an bhfoireann um Thaisteal Gníomhach Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh an bonneagar a sheachadadh chun an Scéim a sholáthar, tar éis iarratais rathúla ar mhaoiniú ó na scoileanna a cuireadh go díreach chuig an Údarás Náisiúnta Iompair.

Roghnaíodh Gaelscoil Sáirséal le cur san áireamh sa chéad bhabhta den chlár um Bealaí Sábháilte chun na Scoile in 2021.

An Scéim:

Nuair a críochnaíodh na hoibreacha (agus nuair a seoladh iad i mí an Mhárta 2023), ba iad an dara cheann de na Scéimeanna um Bealaí Sábháilte chun na Scoile a cuireadh i gcrích.

Dearadh an tionscadal ar Bhóthar Shíol Bhroin chun teorann a chur ar rochtain feithicle isteach agus amach ón scoil ag na hamanna seachadta agus bailithe le linn théarma na scoile.

Áirítear leis na hoibreacha seo:

  • Trasrian ardaithe nua rialaithe ar Bhóthar Shíol Bhroin
  • Oibreacha feabhsúcháin acomhail ag Eastát Chloch an Mhéara chun é a dhéanamh níos sábháilte do leanaí atá ag siúl chun ar scoil.
  • Tá mullaird i gcruth peann luaidhe agus plandú curtha leis feadh Bhóthar Shíol Bhroin chun cur leis an spás coisithe lasmuigh den scoil agus láithreacht na scoile a chur in iúl d'úsáideoirí bóithre eile.
  • Tá an geata rochtana atá ar Pháirc Shíol Bhroin cheana le leathnú chun rochtain níos éasca a thabhairt do rothair, scútair agus bugaithe.
  • Uaireanta úsáidtear Páirc Shíol Bhroin mar rogha do pháirceáil agus siúl - rinneadh an carrchlós níos sábháilte le cosáin nua.

I ndiaidh di dul trí phróiseas comhairliúcháin, rinne Comhairleoirí an Scéim a fhormheas trí iarratas pleanála Chuid 8 le hathruithe i mí Feabhra 2024.

Is éard a bheidh sna hoibreacha forbartha a bheartaítear ná:

  • Balla teorann atá ann cheana féin a chur siar le go bhféadfaí in ann cosán nua roinnte 4m a chruthú do choisithe agus do rothaithe feadh theorainn thiar Ghaelscoil Sáirséal ar Bhóthar Shíol Bhroin
  • An t-acomhal ag an mbealach isteach d'fheithiclí chuig tailte na scoile a chaolú lena n-áirítear na geataí atá ann cheana a chur siar
  • Bealach isteach nua do choisithe/do rothaithe ó Bhóthar Shíol Bhroin ar an gcúinne thiar theas de thailte na scoile
  • Oibreacha tírdhreachtaithe lena n-áirítear crainn agus fálta a bhaint agus oibreacha athphlandála crann & fálta

Déanfar na hoibreacha breise seo Bhealaí Sábháilte chun na Scoile ag Scoil Neasáin i gcomhthráth leis an Scéim um Thaisteal Gníomhach OTS go Lár na Cathrach.