Tá clár bunaithe ag foireann um Thaisteal Gníomhach Chomhairle Cathrach Luimnigh agus Comhairle Contae Luimnigh, i gcomhar leis an Roinn Timpeallachta, chun monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeán an aeir thar an limistéar cathrach.
Tá monatóireacht á dhéanamh ag an bhfoireann ar chaighdeán an aeir ar dhá bhealach éagsúla:
1) Monatóirí Aeir/Torainn
2) Feadáin idirleata Dé-ocsaíd Nítrigine (NO2)
Monatóirí Aeir/Torainn:
Shuiteáil an fhoireann um Thaisteal Gníomhach sé mhonatóirí aeir/torainn, i gcomhar leis an roinn Timpeallachta, ag na háiteanna straitéiseach seo a leanas:
- Seanbhóthar na Creatalaí
- Coláiste Mhuire gan Smál
- An Cuarbhóthar Theas
- Bóthar Childers
- Bruach na Canálach
- Ionad Siopadóireachta Bhealach na Páirce
Soláthróidh na monatóirí sonraí úsáideacha a ligfidh don fhoireann leibhéil chaighdeán an aeir agus torainn a thaifeadadh roimh agus tar éis scéimeanna um Thaisteal Gníomhach a sheachadadh thar an limistéar Cathrach.
Soláthróidh na monatóirí sonraí bunaithe ar Innéacs um Chaighdeán an Aeir do tSláinte (AQIH) an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. Is uimhir ó 1 go 10 é seo a insíonn duit cad é caighdeán an aeir faoi láthair sa stáisiúin is cóngaraí duit agus cibé a d'fhéadfadh nó nach bhféadfadh seo cur isteach ar do shláinte nó sláinte do pháiste. Ciallaíonn léamh 10 go bhfuil caighdeán an aeir an-olc agus ciallaíonn léamh a haon go trí, an dá uimhir sin san áireamh go bhfuil caighdeán an aeir go maith. Is féidir tuilleadh eolais maidir le AQIH a fheiceáil ag an nasc seo.

Feadáin idirleata Dé-ocsaíd Nítrigine (N02):
Suiteáladh sraith feadán idirleata N02 (dé-ocsaíd nítrigine) i líon áiteanna ina bhfuil scéimeanna um Thaisteal Gníomhach fós le tógáil, chun caighdeán an aeir a bhunú agus chun comparáid a dhéanamh.
Is truailleán é N02 a astaítear in aer comhthimpeallach nuair a dhóitear peitreal nó díosal in innill dócháin inmheánacha.
Sa chás go mbaineann sé le tionscadail um Thaisteal Gníomhach atá le teacht, tá an fhoireann um Thaisteal Gníomhach chun monatóireacht a dhéanamh ar leibhéil N02 ag roinnt suíomhanna a ndearna an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) measúnú orthu roimhe seo chun cur leis na taifid atá ann cheana féin i ngach ceantar.
Tá suiteáil na ngléasanna déanta sna háiteanna seo a leanas:
- Bóthar Bhaile Choimín
- R510 Crois Uí Chuinn go Ráithín
- Bóthar an Athar Ruiséil
- Bóthar Thuar an Daill
- Bóthar Childers (Thiar)
- Bóthar Childers (Thoir)
- Bóthar Pháirc Plassey
- Bóthar an Chorrbhaile
- Bóthar an Mhuilinn
- Margadh an Bhainne
- Bellefield
- Bóthar na hInse (Club Leadóige Léana)
- Bóthar na hInse (Páirc na nGael)
- OTS Mhaoilis
- Seanbhóthar na Creatalaí
- Sráid Roden
- An Cuarbhóthar Theas
- Ascaill Brookville
Déanfar an leathanach seo a nuashonrú go rialta leis na torthaí míosúla is déanaí de réir mar a dhéanann an fhoireann um Thaisteal Gníomhach measúnú agus anailís orth.