Monatóirí Cáilíochta an Aeir

Tá clár bunaithe ag foireann um Thaisteal Gníomhach Chomhairle Cathrach Luimnigh agus Comhairle Contae Luimnigh, i gcomhar leis an Roinn Timpeallachta, chun monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeán an aeir thar an limistéar cathrach.

  • Senior Executive Engineers with the Active Travel team in Limerick City & County Council, Sinead Kennedy and Dan Slavin, at the installation of nitrogen dioxide tubes across 15 different areas of Limerick City which will monitor the air quality. Pic: Don Moloney
  • Active Travel Limerick - Air Quality Monitors

Tá monatóireacht á dhéanamh ag an bhfoireann ar chaighdeán an aeir ar dhá bhealach éagsúla:

1) Monatóirí Aeir/Torainn

2) Feadáin idirleata Dé-ocsaíd Nítrigine (NO2)

Monatóirí Aeir/Torainn:

Shuiteáil an fhoireann um Thaisteal Gníomhach sé mhonatóirí aeir/torainn, i gcomhar leis an roinn Timpeallachta, ag na háiteanna straitéiseach seo a leanas:

  • Seanbhóthar na Creatalaí
  • Coláiste Mhuire gan Smál
  • An Cuarbhóthar Theas
  • Bóthar Childers
  • Bruach na Canálach
  • Ionad Siopadóireachta Bhealach na Páirce

Soláthróidh na monatóirí sonraí úsáideacha a ligfidh don fhoireann leibhéil chaighdeán an aeir agus torainn a thaifeadadh roimh agus tar éis scéimeanna um Thaisteal Gníomhach a sheachadadh thar an limistéar Cathrach.

Soláthróidh na monatóirí sonraí bunaithe ar Innéacs um Chaighdeán an Aeir do tSláinte (AQIH) an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. Is uimhir ó 1 go 10 é seo a insíonn duit cad é caighdeán an aeir faoi láthair sa stáisiúin is cóngaraí duit agus cibé a d'fhéadfadh nó nach bhféadfadh seo cur isteach ar do shláinte nó sláinte do pháiste. Ciallaíonn léamh 10 go bhfuil caighdeán an aeir an-olc agus ciallaíonn léamh a haon go trí, an dá uimhir sin san áireamh go bhfuil caighdeán an aeir go maith. Is féidir tuilleadh eolais maidir le AQIH a fheiceáil ag an nasc seo.

Senior Executive Engineers with the Active Travel team in Limerick City & County Council, Sinead Kennedy and Dan Slavin, at the installation of nitrogen dioxide tubes across 15 different areas of Limerick City which will monitor the air quality. Pic: Don Moloney
Senior Executive Engineers with the Active Travel team in Limerick City and County Council, Sinead Kennedy and Dan Slavin, at the installation of nitrogen dioxide tubes to monitor the air quality across 15 areas in Limerick City. Pic: Don Moloney

Feadáin idirleata Dé-ocsaíd Nítrigine (N02):

Suiteáladh sraith feadán idirleata N02 (dé-ocsaíd nítrigine) i líon áiteanna ina bhfuil scéimeanna um Thaisteal Gníomhach fós le tógáil, chun caighdeán an aeir a bhunú agus chun comparáid a dhéanamh.

Is truailleán é N02 a astaítear in aer comhthimpeallach nuair a dhóitear peitreal nó díosal in innill dócháin inmheánacha.

Sa chás go mbaineann sé le tionscadail um Thaisteal Gníomhach atá le teacht, tá an fhoireann um Thaisteal Gníomhach chun monatóireacht a dhéanamh ar leibhéil N02 ag roinnt suíomhanna a ndearna an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) measúnú orthu roimhe seo chun cur leis na taifid atá ann cheana féin i ngach ceantar.

Tá suiteáil na ngléasanna déanta sna háiteanna seo a leanas:

  • Bóthar Bhaile Choimín
  • R510 Crois Uí Chuinn go Ráithín
  • Bóthar an Athar Ruiséil
  • Bóthar Thuar an Daill
  • Bóthar Childers (Thiar)
  • Bóthar Childers (Thoir)
  • Bóthar Pháirc Plassey
  • Bóthar an Chorrbhaile
  • Bóthar an Mhuilinn
  • Margadh an Bhainne
  • Bellefield
  • Bóthar na hInse (Club Leadóige Léana)
  • Bóthar na hInse (Páirc na nGael)
  • OTS Mhaoilis
  • Seanbhóthar na Creatalaí
  • Sráid Roden
  • An Cuarbhóthar Theas
  • Ascaill Brookville

Déanfar an leathanach seo a nuashonrú go rialta leis na torthaí míosúla is déanaí de réir mar a dhéanann an fhoireann um Thaisteal Gníomhach measúnú agus anailís orth.

This service is provided by

Active Travel

Phone +353 61 556000