Ag an gCruinniú a bhí ar siúl ar an 28 Eanáir 2019, ghlac Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh le Fodhlíthe Chathair agus Chontae Luimnigh (Dramhaíl Teaghlaigh agus Tráchtála a Leithlisiú, a Stóráil agus a Chur i Láthair) 2019. Tiocfaidh na Fodhlíthe seo i bhfeidhm ar an 1 Márta 2019 agus is féidir é a fheiceáil trí chliceáil ar an nasc sa rannán doiciméad thíos.
Tabhair faoi deara le do thoil: Ní mór dramhaíl tí a chur i láthair le bailiú in araid rothaí.
Áfach, tá líon teoranta réimsí a bhfuil maolú ar an riachtanas seo tugtha ina leith. Tá an liosta, a bheidh faoi réir athbhreithniú ar an 31 Nollaig 2023, ar fáil thíos.
Mura bhfuil do sheoladh san áireamh, beidh ort do chuid dramhaíola a chur in araid rothaí.
Tabhair faoi deara le do thoil: ceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí dramhaíola boscaí dramhaíola bia a sholáthar do cheirtleáin > 500 teaghlach, lena n-áirítear na bailte seo a leanas i gContae Luimnigh:
Mainistir na Féile | Faing |
Áth Dara | An Gleann |
Áth an Choite | An t-Ospidéal |
Eas Géitine | Cill Fhíonáin |
Baile an Gharraí | Cill Mocheallóg |
An Brú | Cathair Luimnigh agus na bruachbhailte |
Brú Rí | Maigh Rua |
Cathair Chinn Lis | An Caisleán Nua Thiar |
An Cheapach Mhór | Pailís Ghréine |
Caisleán Uí Chonaill | Pailís Chaonraí |
Cromadh | Tobar Phádraig |
Dún | Ráth Caola |
Drom Collachair |
*I mí na Samhna 2017, sheol an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, (DCCAE) liosta náisiúnta amháin caighdeánach d’earraí agus d’ábhair is féidir a chur san araid athchúrsála. Anois, níl ach páipéar, cairtchlár, plaistigh dochta, stáin agus cannaí sa liosta d’ábhar oiriúnach agus is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo.