Dramhaíl a Chur i Láthair

Ag an gCruinniú a bhí ar siúl ar an 28 Eanáir 2019, ghlac Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh le Fodhlíthe Chathair agus Chontae Luimnigh (Dramhaíl Teaghlaigh agus Tráchtála a Leithlisiú, a Stóráil agus a Chur i Láthair) 2019. Tiocfaidh na Fodhlíthe seo i bhfeidhm ar an 1 Márta 2019 agus is féidir é a fheiceáil trí chliceáil ar an nasc sa rannán doiciméad thíos.

Tabhair faoi deara le do thoil: Ní mór dramhaíl tí a chur i láthair le bailiú in araid rothaí.

Áfach, tá líon teoranta réimsí a bhfuil maolú ar an riachtanas seo tugtha ina leith. Tá an liosta, a bheidh faoi réir athbhreithniú ar an 31 Nollaig 2023, ar fáil thíos.

Mura bhfuil do sheoladh san áireamh, beidh ort do chuid dramhaíola a chur in araid rothaí.

Tabhair faoi deara le do thoil: ceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí dramhaíola boscaí dramhaíola bia a sholáthar do cheirtleáin > 500 teaghlach, lena n-áirítear na bailte seo a leanas i gContae Luimnigh:

Mainistir na Féile Faing
Áth Dara An Gleann
Áth an Choite An t-Ospidéal
Eas Géitine Cill Fhíonáin
Baile an Gharraí Cill Mocheallóg
An Brú Cathair Luimnigh agus na bruachbhailte
Brú Rí Maigh Rua
Cathair Chinn Lis An Caisleán Nua Thiar
An Cheapach Mhór Pailís Ghréine
Caisleán Uí Chonaill Pailís Chaonraí
Cromadh Tobar Phádraig
Dún Ráth Caola
Drom Collachair  

*I mí na Samhna 2017, sheol an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, (DCCAE) liosta náisiúnta amháin caighdeánach d’earraí agus d’ábhair is féidir a chur san araid athchúrsála. Anois, níl ach páipéar, cairtchlár, plaistigh dochta, stáin agus cannaí sa liosta d’ábhar oiriúnach agus is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo.