Tús Áite do Lár an Bhaile

Seoladh an Beartas Tús Áite do Lár an Bhaile ar an 4 Feabhra 2022, is beartas mór tras-rialtais é a bhfuil sé mar aidhm aige aghaidh a thabhairt ar fhoirgnimh fholmha, dul i ngleic le tréigean agus borradh a chur faoinár mbailte.

Leis an mbeartas, moltar cur chuige iomlánaíoch áitbhunaithe maidir le forbairt tuaithe inbhuanaithe. Tá dúshláin mhóra roimh bhailte na hÉireann, agus tá deiseanna móra acu freisin, a bhfuil freagairt chomhordaithe chuimsitheach ag teastáil ina leith.

Le Tús Áite do Lár an Bhaile, aithnítear uathúlacht gach baile agus leis an mbeartas, éascófar an fhreagairt de chuid bhailte de gach méid ar fud na tíre ionas go mbeidh lár na bailte siúd in ann feidhmiú mar chroílár bríomhara na bpobal ar a bhfreastalaíonn siad, ar bhealach atá oiriúnach agus cuí do riachtanais an 21ú haois. Leagtar amach leis na doiciméid thíos an cur chuige beartais náisiúnta maidir le hathbheochan Lár an Bhaile, i gcomhréir le Todhchaí Cheantair Tuaithe na hÉireann – Beartas Forbartha Tuaithe 2021-2025 agus Tús Áite do Lár an Bhaile – Cur Chuige Beartais do Bhailte na hÉireann.

Cur chuige ón mbonn aníos atá i gceist le próiseas Thús Áite do Lár an Bhaile, arna threorú ag an bhFoireann Baile. Ba cheart go mbeadh ionadaithe áitiúla ar na Foirne Baile, mar shampla, áitritheoirí, an lucht gnó, grúpaí pobail/deonacha, ionadaithe daoine óga agus páirtithe leasmhara eile, a thagann le chéile le tacaíocht ón Údarás Áitiúil tríd an Oifigeach um Athnuachan Baile tiomanta chun Plean Thús Áite do Lár an Bhaile a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm le gníomhaíochtaí sainaitheanta chun an ceantar a fheabhsú mar áit le cónaí ann, le hobair ann agus le cuairt a thabhairt air.

I mí na Nollag 2021, d’fhógair an tAire Humphreys maoiniú €2.6m do 26 bhaile chun Pleananna Thús Áite do Lár an Bhaile a fhorbairt. D’ainmnigh Údaráis Áitiúla na 26 bhaile sin agus d’fhaomh an tAire iad. Faoin scéim phíolótach sin, ba é Mainistir na Féile an chéad bhaile Thús Áite do Lár an Bhaile a sainaithníodh do Luimneach.

Sheol an Roinn Sraith Tacaíochtaí Thús Áite do Lár an Bhaile i mí Feabhra 2024, agus maoiniú san áireamh chun tacú le réiteach an dara Plean Thús Áite do Lár an Bhaile le haghaidh Luimnigh, baile Ráth Caola, Co. Luimnigh sainaitheanta chuige sin, chomh maith le Foirne Baile a réiteach le haghaidh an Chaisleáin Nua, Chill Mocheallóg agus Eas Géitine.

This service is provided by

Urban and Rural Community Development

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Merchant's Quay, Limerick V94 EH90