Plean Thús Áite do Lár an Bhaile, Mainistir na Féile

Is plean neamhreachtúil ar leibhéal an phobail é Plean Thús Áite do Lár an Bhaile, Mainistir na Féile a chruthaigh an Fhoireann Baile áitiúil, a tháinig chun cinn ó ionadaithe pobail agus gnó áitiúla, le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.

Sainaithnítear ann na dúshláin, na gníomhaíochtaí agus na freagairtí comhtháite thar roinnt réimsí, agus béim á leagan ar athbheochan Lár an Bhaile.

Forbraíodh an Plean i gcomhréir leis an treoir a leagtar amach i dTús Áite do Lár an Bhaile – Cur Chuige Beartais do Bhailte na hÉireann, a d’fhoilsigh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, is é is aidhm dó lár bailte a chruthú a fheidhmíonn mar áiteanna inmharthana, bríomhara agus tarraingteacha do dhaoine le cónaí iontu, le hobair iontu agus le cuairt a thabhairt orthu agus, ag an am céanna, a fheidhmíonn mar mhol seirbhíse, sóisialta, cultúrtha agus áineasa don phobal áitiúil.

Download the latest documents

This service is provided by

Urban and Rural Community Development

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Merchant's Quay, Limerick V94 EH90