Tá sé mar aidhm ag an Treoir um Thorann Comhshaoil (2002/49/CE) córas uile-Eorpach a chur i bhfeidhm chun foinsí torainn comhshaoil a shainaithint, an pobal a chur ar an eolas faoi shonraí torainn ábhartha agus na bearta is gá a ghlacadh chun nochtadh torainn a sheachaint, a chosc nó a laghdú.

Trasuíodh an Treoir i nDlí na hÉireann trí na Rialacháin Torainn Comhshaoil (2006-2021). Faoi na rialacháin, ní mór Léarscáileanna Straitéiseacha Torainn agus Pleananna Gníomhaíochta Torainn a ullmhú gach cúig bliana maidir le torann ó na foinsí seo a leanas:
- Codanna de bhealach iarnróid os cionn tairseach srutha de 30,000 pasáiste traenach in aghaidh na bliana;
- Aerfoirt mhóra le níos mó ná 50,000 gluaiseachtaí in aghaidh na bliana - is é atá i gceist le gluaiseacht ná éirí de thalamh nó tuirlingtí;
- Codanna de mórbhóithre le tairseach srutha de 3 mhilliún feithicil in aghaidh na bliana;
- Ceirtleáin le níos mó ná 100,000 áitritheoir
Is iad rialacháin leasaithe 2018 na chéad chinn a sainaithníodh Ceirtleán Luimnigh lena n-áirítear Cathair Luimnigh agus a Purláin, agus cuid de Chontae an Chláir.
Cuireadh tús i mBealtaine 2021 le tionscadail chun Mapáil Straitéiseach Torainn agus Plean Gníomhaíochta Torainn do Bhabhta 4 do Cheirtleán Luimnigh agus don chuid eile de Chontae Luimnigh. Bhain Céim 1 de na tionscadail le samhaltú torainn agus ullmhú na Léarscáileanna Straitéiseacha Torainn. Is féidir na Léarscáileanna do Cheirtleán Luimnigh a fheiceáil ag an nasc thíos.
Tá Léarscáileanna Straitéiseacha Torainn ullmhaithe ag Bonneagar Iompair Éireann (TII), mar Chomhlacht Léarscáilithe Torainn do bhóithre náisiúnta, do gach mótarbhealach agus bealach náisiúnta ábhartha le níos mó ná 3 mhilliún feithicil in aghaidh na bliana thar ceann Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh lasmuigh den cheirtleán. Tá na léarscáileanna seo ar fáil ag an nasc thíos.
Is féidir an Plean Gníomhaíochta Torainn le haghaidh Cheirtleán Luimnigh 2024-2028 agus an Plean Gníomhaíochta Torainn le haghaidh Chontae Luimnigh 2024-2028 a íoslódáil ag na naisc thíos.
- An Plean Gníomhaíochta Torainn le haghaidh Cheirtleán Luimnigh 2024-2028
- An Plean Gníomhaíochta Torainn le haghaidh Chontae Luimnigh 2024-2028
- Tuarascáil Scagthastála Measúnachta Straitéiseacha Timpeallachta do Cheirtleán Luimnigh
- Tuarascáil Scagthastála Measúnachta Cuí do Cheirtleán Luimnigh
- Tuarascáil Scagthastála Measúnachta Straitéiseacha Timpeallachta / Measúnachta Cuí Chontae Luimnigh
Áirítear leis na Pleananna na mionsonraí faoin gcur chuige a ghlacfaidh an Chomhairle i leith torann comhshaoil a bhainistiú sa Cheirtleán (a bhaineann le gníomhaíochtaí an duine, go háirithe gníomhaíochtaí bóthair, gníomhaíochtaí iarnróid agus gníomhaíochtaí tionscail) agus sa Chontae (a bhaineann le gníomhaíochtaí an duine, go háirithe gníomhaíochtaí bóthair). Ní chumhdaítear leis na pleananna, áfach, torann a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht san áit oibre, torann laistigh d’aon chóir iompair, torann a eascraíonn as gníomhaíochtaí míleata i limistéir mhíleata ná torann ó fhoinsí comhshaoil nádúrtha, e.g., gaoth, tonnta, fiadhúlra.