Suíomhanna Folamha

Ar an 1 Eanáir 2017, bhunaigh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh taifead ar shuíomhanna folamha i gcomhréir le riachtanais Achta Athshlánaithe Uirbigh agus Tithíochta 2015.

Is cuspóir leis an taifead suíomhanna folamha a aithint laistigh limistéir fheidhmiúil Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh i gcomhréir le riachtanais an achta. Beidh suíomhanna a chuirfear ar an taifead faoi réir forálacha tobhaigh suímh folamh faoin acht.

Tugann Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh athbhreithniú ar shuíomhanna ar feadh na cathrach agus contae. Nuair a bhíonn an Comhairle sásta go gcloíonn an suíomh le riachtanais an rialacháin, tugadh fógra do na úinéirí maoine sin agus cuireadh an suíomh(na suíomhanna) isteach ar Taifead ar Shuíomhanna Folamha. I gcomhair a thuilleadh faisnéise maidir le Acht Athchóirithe Uirbigh agus Tithíochta 2015 cliceáil anseo.

Tobhach Láithreán Folamh

Má chuirtear maoin/láithreán le Clár na Láithreán Folamh, gearrfar tobhach ar an úinéir go dtí go mbainfear an mhaoin den Chlár.

Is éard atá i gceist leis an tobhach a ghearrtar ná 7% luach an mhargaidh, rud atá á chinneadh ag d’údarás áitiúil.

Tá rogha ag an úinéir achomharc a dhéanamh i gcoinne luachála arna chinneadh ag an údarás áitiúil chuig an mBinse Luachála laistigh de 28 lá ón lá a raibh an fógra faoi Alt 12 den Acht um Athghiniúint Uirbeach agus Tithíocht 2015 faighte aige/aici.

Tá sé beartaithe go gcuirfear Cáin Talún Creasa Cónaithe in ionad Tobhaigh Láithreán Folamh in 2025

An tobhach a íoc

Ba cheart Tobhaigh ar Láithreáin Thréigthe a íoc chomh luath agus a fhaightear Nóta Éilimh faoi alt 15.

Luaigh an uimhir cuntais custaiméara agus uimhir thagartha an láithreáin thréigthe ón Nóta agus an íocaíocht á déanamh agat.

Tá na modhanna íocaíochta seo a leanas ar fáil ag an gComhairle Cathrach agus Contae Luimnigh dár gCustaiméirí:

Ríomhaistriú

Chun Ríomhaistriú airgid a dhéanamh le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, bain úsáid as na sonraí cuntais seo a leanas:

(Seol ríomhphost chuig vds@limerick.ie lena ndeimhnítear mionsonraí d’aistriú creidmheasa.)

IBAN:

IE93AIBK93524787042040

BIC:

AIBKIE2D

Ainm an Bhainc:

Banc-Aontas Éireann Cpt, 106-108 Sráid Uí Chonaill, Luimneach

Tagairt Íocaí:

Luaigh d’uimhir cuntais custaiméara agus uimhir thagartha an láithreáin thréigthe le gach íocaíocht.

Le Cárta Creidmheasa nó Cárta Dochair

Déan teagmháil leis an oifig airgid ag (061) 557296 nó (061) 556000 idir 9.15am - 4pm, Luan go hAoine, chun an cineál íocaíochta seo a shocrú.

Tríd an bPost

Seic/Dréacht Bainc/Ordú Poist a bheidh iníoctha le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh agus seol chuig Tobhaigh Láithreán Folamh, Cuntais Infhála, Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, Tuar an Daill, Luimneach, V94 WV78. Luaigh d’Uimhir Cuntais Custaiméara, Uimhir Thagartha an Láithreáin Fholaimh, Ainm, Seoladh agus Uimhir Theagmhála. (NÁ seol airgead tirim sa phost.)

I Láthair Go Pearsanta

Ag Oifig an Airgid i dTuar an Daill nó ag Cé na gCeannaithe, Luimneach idir 9.15am – 4pm, Luan go hAoine.

Ag ceann dár n-oifigí, a dhéanann freastail ó Luan go hAoine le linn na n-amanna seo a leanas; Cill Mocheallóg, An Caisleán Nua agus Ráth Caola 9.15am - 4pm.

Buanordú

Más maith leat socruithe a dhéanamh chun íoc i dtráthchodanna, seol ríomhphost chuig vds@limerick.ie nó glaoigh ar 061 556536.

Faisnéis Teagmhála

I gcomhair a thuilleadh faisnéise nó chun faisnéis a sholáthar maidir le suíomh folamh i mo cheantar, labhair le:

Áiseanna Maoine agus Pobail
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Cé na gCeannaithe
Luimneach V94 EH90

Fón: +353 61 557037

This service is provided by

Property and Community Facilities

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Merchant's Quay, Limerick V94 EH90