Scéim Feabhsaithe Deontais le haghaidh Bloic Coincréite Lochtacha

Bunaíodh Scéim Deontais na mBloc Coincréite Lochtacha chun cúnamh airgeadais a thabhairt le costais leasúcháin úinéirí tí a raibh drochthionchar ag a gcuid maoine mar gheall ar chainníochtaí iomarcacha mica nó pirít sa bhlocobair a úsáideadh i dtógáil na réadmhaoine sin.

Baineann an Scéim Deontais Feabhsaithe le húinéirí áitribh atá suite i limistéar riaracháin Chontae agus Chathair Luimnigh.

Tá iarratais faoin scéim seo le déanamh ar líne, trí chliceáil anseo.

Tabhair faoi deara, le do thoil, mura bhfuil sé déanta cheana féin agat, d’fhonn iarratas a chur isteach beidh ort cuntas a chlárú ar dtús.

Gheobhaidh tú na freagraí is déanaí ar cheisteanna coitianta faoin scéim trí chliceáil anseo.

Gheobhaidh tú nasc chuig Preasráiteas an Aire maidir le Scéim na mBloc Coincréite Lochtacha anseo.

Le haghaidh tuilleadh fiosruithe faoin scéim, cuir ríomhphost chugainn ag dcb@limerick.ie.

Maidir le gach ceist eile, déan teagmháil le Seirbhísí do Chustaiméirí ar 061-556000, nó trí ríomhphost ag customerservices@limerick.ie.