Clár um Thithe Sláintiúla Aoisbháúla

Cuirtear an Clár Náisiúnta ar fáil ar fud na 31 Údarás Áitiúil agus tá ar a laghad comhordaitheoir tacaíochta áitiúil amháin i ngach Údarás Áitiúil.

Tá sé mar aidhm ag Clár um Thithe Sláintiúla Aoisbháúla tacú le daoine scothaosta maireachtáil ina dteach féin le dínit agus neamhspleáchas, chomh fada agus is féidir. Is í uaillmhian an chláir cur ar chumas gach duine saolta sláintiúla níos faide a bheith acu trí chúram a choinneáil gar don bhaile agus trí raon na seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta sa phobal a mhéadú.  Is éard atá i gceist leis ná raon roghanna eile a sholáthar do dhaoine scothaosta a d’fhéadfadh aistriú go cúram cónaitheach fadtéarmach roimh am murach sin. 

D’fhonn é sin a dhéanamh, tá Comhordaitheoir Áitiúil Tithe Sláintiúla Aoisbháúla ceaptha againn i ngach údarás áitiúil. Déanfaidh gach Comhordaitheoir Áitiúil cásbhainistiú ar phacáiste tacaíochta do gach duine a atreoraítear, ag nascadh na dtacaíochtaí ó na gníomhaireachtaí poiblí, deonacha, príobháideacha agus pobail éagsúla sa cheantar.

Is é cuspóir an atreoraithe seo duine scothaosta, os cionn 65, a aithint, a d’fhéadfadh leas a bhaint as cúnamh agus tacaíocht bhreise chun leanúint ar aghaidh ag maireachtáil ina dteach féin. Déanfaidh an Comhordaitheoir Áitiúil measúnú baile saor in aisce agus, i gcomhar leis an duine scothaosta, sainaithneoidh agus dearfaidh sé/sí raon tacaíochtaí le cur ar chumas an duine scothaosta maireachtáil go neamhspleách. Ní chuirfidh sé seo isteach ar aon chúnamh baile reatha, cárta leighis, pinsean, nó seirbhísí eile atá á bhfáil.

Féach ar ár bhfíseán do Rannpháirtithe le Mary Kelly.

Féach ar ár bhfíseán do Rannpháirtithe le Nola Watt

Faigh tuilleadh eolais ag:  https://agefriendlyireland.ie/healthy-age-friendly-homes-programme/