Is éard atá i gceist le Ní Thart Orainn timpeallacht a chur chun cinn ina mbeidh sé níos éasca dóibh siúd a chaitheann tobac éirí as agus fanacht as an tobac agus cuidiú le caitheamh tobac a dhí-normalú don chéad ghlúin eile. Is céim eile é Ní Thart Orainn I dtreo Luimneach Gan Tobac.

Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh i gceannas ar an tionscnamh seo i gcomhpháirtíocht le raon páirtithe leasmhara - FSS, Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Luimnigh, Comhairle na nÓg Luimnigh, Coiste Seirbhísí Leanaí agus Daoine Óga Luimnigh, Coiste Cúraim Leanaí Luimnigh, Éire Shláintiúil agus ASH Ireland, Comhairle Fhoras Croí na hÉireann.


Éirí as caitheamh Tobac
Faigh cabhair nuair a éiríonn tú as caitheamh tobac. Más mian leat éirí as caitheamh tobac, má fhaigheann tú an cúnamh ceart is féidir leat do sheansanna rathúlachta a dhúbailt.