Comórtas Pride of Place 2024

Chuir Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh fáilte roimh léirithe spéise ó ghrúpaí pobail áitiúla a bhí ag súil go n-ainmneofaí iad do Chomórtas Pride of Place an IPB 2024 i gcomhar le Comhoibriú na hÉireann.

Reáchtáiltear an comórtas bliantúil uile-oileáin seo i gcomhar le húdaráis áitiúla agus tá sé mar aidhm aige aitheantas a thabhairt d’fheabhsuithe atá déanta ag pobail áitiúla chun mórtas cathartha a chruthú ina gceantar. Déanann an Comórtas Pride Of Place ceiliúradh ar iarrachtaí na bpobal ar fud na hÉireann, a n-áit a dhéanamh mar an áit is fearr le cónaí ann. Is é fócas an chomórtais ná daoine ag teacht le chéile chun saol laethúil na ndaoine ina bpobail a mhúnlú, a athrú agus a fheabhsú.

 

Buaiteoirí Roimhe Seo

D'éirigh Luimneach go maith leis an gcomórtas seo go dtí seo. Ba iad buaiteoirí an chomórtais a bhí ag Luimneach roimhe seo:

  • 2024 - Cumann Cónaitheoirí Gheata Eoin Buaiteoir Céad Áit - Comharsanacht Uirbeach faoi 3000 (Cathracha - Catagóir 1), Ionaid Chúraim agus agus Dúiche do Dhaoine Scothaosta Dhrom Collachair - Aoisbháúil  (Príomh - Catagóir 12) agus The Butterfly Club Gradam Speisialta - Pobail Ionchuimsitheacha (Príomh- Catagóir 9)

  • 2023 - Tionscadail Phobal Chill Íde, Buaiteoir Chéad Áit sa chatagóir Daonra <500, mar aon le duaiseanna an dara háit MOL Chnoc Theas, sa chatagóir Comharsanachtaí Uirbeacha/ Sráidbhailte <3000

  • 2022 – Ionad Óige an Chinn Thiar, Buaiteoir Chéad Áit sa Tionscnamh Pobalbhunaithe don Óige, mar aon le duaiseanna an dara háit d’Ionad Pobail Pharóiste Mhainchín sa chatagóir Athléimneacht Phobail agus CLG Chomhairle Pobail an Ghleanna Rua/Bhaile Uí Argáin sa chatagóir Daonra 300 – 1,000

  • 2021 – Draw Out Luimnigh, An dara háit sa chatagóir Tionscnamh Áit Chruthaitheach agus Comharchumann Forbartha Loch Goir, an dara háit sa chatagóir Tionscnamh Turasóireachta Pobail

  • 2020 – Tionscadal Comhtháthaithe Réamhshóisialta Ráth Caola, Buaiteoir an Chéad Áit sa chatagóir Daonra 1,000 – 2,000

  • 2019 – Comhairle Pobail Mhainistir na Féile, an dará háit sa chatagóir Daonra 2,500 – 5,000

  • 2018 – Buaiteoir Chéad Áit, The Children’s Grief Centre faoin Tionscnamh Pobail Lamh  Shíneadh, mar aon le duaiseanna an Dara hÁit d’Iontaobhas Cathartha Luimnigh sa Tionscnamh Áit Chruthaitheach agus Chill Míde sa chatagóir Daonra 0 – 300.

Ar ais go barr

Próiseas an Chomórtais 2023:

  • Iarrtar ar ghrúpaí ar spéis leo é a bheith á mbreithniú le haghaidh ainmniúcháin an fhoirm Léirithe Spéis riachtanach a chomhlánú, i dteannta grianghraif iontrála, féach ar an nasc thíos, agus í a sheoladh ar ais roimh Dé h-Aoine, 26ú  Aibreán 2024.
  • Déanfar na Léirithe Spéis a mheas, de réir chatagóire, bunaithe ar chritéir Chomhoibriú na hÉireann.
  • Cuirfear in iúl d’iarratasóirí an bhfuil siad roghnaithe chun dul san iomaíocht ag leibhéal uile-oileáin faoin Céadaoin, 8ú lá Bealtaine 2024.
  • Beidh ar ghrúpaí ainmnithe aighneacht achoimre a dhéanamh faoin Aoine, 7ú lá Meitheamh 2024.
  • Tabharfar breithiúnas ar iarratasóirí ar a n-aighneacht mhionsonraithe.
  • Searmanas bronnta– Dé Sathairn, 2 Samhain 2024.

Ní fhéadfaidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ach grúpa amháin a ainmniú in aghaidh an chatagóir agus 5 ghrúpa ar a mhéad san iomlán.

Ar ais go barr

Critéir Iontrála 2024:

Freastalaíonn an comórtas ar Phobail Uirbeacha agus Tuaithe le catagóirí éagsúla iontrálaithe.

Catagóir Daonra
1 0 - 300
2 300 - 1,000
3 1,000 - 2,000
4 2,000 - 5,000
5 Daonra Os Cionn 5,000
Catagóir Téama
6 Pobail Chruthaitheacha
7 Gníomhú ar son na hAeráide & Bithéagsúlacht
8 Tionscnamh na nÓg Pobail
9 Pobail Chuimsitheacha
10 Tionscnamh Folláine Pobail
11 Tionscnamh Turasóireachta Pobail
12 Pobail a Thacaíonn le Daoine Breacaosta
Catagóir Neamh-Dhaonra
*13 Comharsanachtaí Uirbeacha / Eastáit Tithíochta

* Níl an chatagóir is deireanaí atá ainmnithe sainiúil don daonra

Comórtas Cathracha
Catagóir Daonra
1 Comharsanachtaí Uirbeacha / Sráidbhaile faoi 3,000
2 Comharsanachtaí Uirbeacha / Sráidbhaile os cionn 3,000
Catagóir Téama
3 Pobail Chruthaitheacha 
4 Gníomhú ar son na hAeráide & Bithéagsúlacht
5 Tionscnamh na nÓg Pobail
6 Pobail Chuimsitheacha
7 Tionscnamh Folláine Pobail

Ar ais go barr

Chun cuir isteach air:

Comhlánaigh, le do thoil, an foirm Léirithe Spéis agus cur ar aghaidh í (trí ríomhphost más féidir) chuig prideofplace@limerick.ie

Chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig prideofplace@limerick.ie

nó trí phost chuig :

Oifigeach Idirchaidrimh Pride of Place
An Roinn Forbartha Pobail
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Cé na gCeannaithe
Luimneach
V94 EH90

Ar ais go barr

Dáta Deiridh

Is é an dáta deiridh chun léiriú spéise a fháil ná am scoir gnó Dé h-Aoine, 26ú Aibrean 2024.

 

Iontrálacha 2024

Roghnaigh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ceithre ghrúpa as Luimneach chun páirt a ghlacadh i gComórtas Mórtas Cine is Ceantair CPÉ i mbliana:

Ionaid Chúraim agus Tithíocht do Dhaoine Scothaosta Dhrom Collachair, Cumann Cónaitheoirí Gheata Eoin, Comhairle Pobail Chnoc na Carraige/Bhrú Rí, The Butterfly Club.

Cuireadh sna catagóirí seo a leanas iad:

  • Aoisbháúil – Ionaid Chúraim agus agus Dúiche do Dhaoine Scothaosta Dhrom Collachair
  • Comharsanacht Uirbeach faoi 3000 – Cumann Cónaitheoirí Gheata Eoin
  • Daonra faoi 300-1000 – Comhairle Pobail Chnoc na Carraige/Bhrú Rí
  • Pobail Ionchuimsitheacha – The Butterfly Club

Eagraítear gradaim Mhórtas Cine is Ceantair 2024 i gcomhar le Co-operation Ireland. Is é seo an 22 bliana as a chéile a bhfuil an comórtas á reáchtáil, comórtas a mbíonn an-rath air agus atá ag dul i méid i gcónaí ó thaobh gradaim agus éilimh de.

Is éard is aidhm leis an gcomórtas aitheantas a thabhairt don obair atá á déanamh ag pobail ar fud oileán na hÉireann agus ceiliúradh a dhéanamh uirthi.

Tá an comórtas bunaithe ar mhórtas a bheith á léiriú ag pobail nó ag grúpaí as a n-áit féin. Tá sé tábhachtach freisin go léiríonn siad fíor-chomhpháirtíocht lena gcomhairle áitiúil agus le gníomhaireachtaí stáit agus go léiríonn iad go bhfuil gach earnáil den phobal curtha san áireamh.

Tá an comórtas Uile-Oileáin seo á reáchtáil i gcomhar e húdaráis áitiúla, Thuaidh agus Theas, agus tá CPÉ ag tacú leis. Is aidhm leis an gcomórtas an cion ríthábhachtach a dhéanann pobail don tsochaí a aithint agus a cheiliúradh chomh maith le feasacht, meas agus cuimsiú a spreagadh le haghaidh gach gné den tsochaí.

Reáchtálann gach grúpa lá speisialta féile, lá a gcuirtear obair an ghrúpa agus an tionchar a bhíonn aici ar an bpobal os comhair phainéal na moltóirí ar cuairt. Déanfar an mholtóireacht ar an 21 agus ar an 22 Lúnasa.

Fógrófar buaiteoirí 2024 ar Shearmanas Gradam a reáchtálfar Satharn, an 2 Samhain 2024, agus a bheidh á óstáil ag Comhairle Mhuineacháin in Óstán & Spá an Hillgrove.

Tuilleadh sonraí faoi ghrúpaí na bliana seo:

Ionaid Chúraim agus Tithíocht do Dhaoine Scothaosta Dhrom Collachair:

Tá Tithíocht do Dhaoine Scothaosta & Teaghlaigh Dhrom Collachair, a bunaíodh in 1988, an tIonad Cúraim Lae, a bunaíodh in 1996, agus Ionad Cúraim Faoisimh Dhrom Collachair a bunaíodh in 2002, ar thús cadhnaíochta chomh fada is a bhaineann leis an mbéim atá á leagan ag comharsanachtaí ar a bpobal féin agus ar phobail níos faide ó bhaile ó tharla go bhfuil an tIonad Cúraim Faoisimh ag freastal ar chathair agus ar chontae Luimnigh, Ciarraí Thuaidh, Corcaigh Thuaidh agus Oirthear an Chláir. Feirmeoir de bhunadh na háite, Seamus Stack, a smaoinigh ar an ionad a bhunú agus fuarthas tacaíocht don ionad trí ranníocaíocht dheonach mhór ó mhaoiniú pobail agus rialtais. Fad a bhí an t-ionad dúnta chun srianta Covid-19 a chomhlíonadh, rinneadh oibreacha suntasacha athchóirithe san Ionad, faoi threoir comhlachtaí poiblí éagsúla. Tá 14 leaba san Ionad, agus tá cúram faoisimh sealadach á thairiscint do dhaoine scothaosta, agus is ionann é agus baile eile do chónaitheoirí, áit a bhfuiltear ag freastal ar riachtanais iomlánaíocha agus áit atá ag soláthar faoisimh do phríomhchúramóirí. De réir cuspóirí náisiúnta don aosú dearfach, cuireann na seirbhísí ar chumas daoine fanacht ina dtithe agus ina bpobail féin don tréimhse is faide agus is féidir, agus athrú dearfach a dhéanamh ina saol agus i saol a dteaghlach.

Cumann Cónaitheoirí Gheata Eoin:

Is neadaithe idir ballaí Chathair Luimnigh agus Cearnóg Eoin, Ardeaglais Eoin agus Reilig Eoin, atá Sráidbhaile Gheata Eoin. I ndiaidh blianta fada d'fhaillí, de dhearóiliú agus d'iompar frithshóisialta, d'imeaglú agus de dhumpáil, de ghníomhaíocht leanúnach a bheith á déanamh ag na Gardaí, chinn na cónaitheoirí déileáil leis na fadhbanna trí athruithe a dhéanamh, an Sráidbhaile a fhorbairt mar cheantar Bithéagsúlachta, ceantar glan ina nglacann grúpaí páirt in imeachtaí áitiúla. Pobal ilghnéitheach creideamh agus cúlraí eitneacha. Tá an tionscadal seo ag dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine laistigh den phobal, ar an gceantar go ginearálta agus ar cháil an cheantair. Tá imeachtaí plandaithe áitiúla, garraíodóireachta, oideachais agus an pobal níos airdeallaí ar chreidimh daoine eile, ar chúlra geografaíochta agus ar spóirt daoine eile fiú, rud is cúis leis an bpobal a thabhairt le chéile. Tá spéis léirithe ag pobal gnó na háite sa mhéid atá á dhéanamh, agus tá cuma níos fearr curtha acu ar aghaidheanna siopa fiú. Bíonn leanaí ag spraoi lena chéile go compordach anois i spás níos sábháilte. Tá an pobal ag obair le chéile chun a chinntiú gur dea-shampla a bheidh sa sráidbhaile trí úsáid a bhaint as stair an cheantair agus as an spiorad pobail nuafhaighte chun spás a chruthú ina bhfuil fáilte roimh phobal na háite agus roimh chuairteoirí araon.

Comhairle Pobail Chnoc na Carraige/Bhrú Rí:

Tá paróiste Chnoc na Carraige/Bhrú Rí suite ag bun an tSléibhe Riabhaigh agus is suite go mórtasach ar bhruacha na Máighe atá sráidbhaile stairiúil agus gleoite Bhrú Rí. Tá seantaithí ar an bpobal ar a bheith i mbun oibre deonaí agus ar a bheith ag obair go gníomhach chun aird a tharraingt ar gach gné de shaol an phobail. I mí Márta 2022, bunaíodh Comhairle Pobail Chnoc na Carraige/Bhrú Rí mar bhrateagraíocht do na heagraíochtaí éagsúla ar fad atá laistigh den pharóiste agus chun tacú le cur chuige comhordaithe agus ciallmhar maidir lena cuid oibre. I measc na bhforbairtí atá déanta sa phobal le déanaí tá: Siúlbhealach Pobail a sholáthar, Seomraí Feistis nua ag an bPáirc Imeartha Pobail, Réamhscoil Pobail nua agus athchóiriú suntasach ar Halla an Phobail. Cuireadh críoch le Plean Pobail nua le déanaí agus cuirtear ar fáil ann treochlár le haghaidh tuilleadh forbairtí spéisiúla a bheidh dírithe ar fhreastal ar riachtanais gach duine inár bpobal atá ag fás agus ar a chinntiú gur pobal fíor-ionchuimsitheach a bheidh i gCnoc na Carraige/Brú Rí.

The Butterfly Club:

Is grúpa deonach é The Butterfly Club a bunaíodh in 2004, i ndiaidh do Ráth Caola/An Caisleán Nua Martinique a óstáil nuair a reáchtáladh na Cluichí Oilimpeacha Speisialta i mBaile Átha Cliath in 2003. Nuair a bhí na Cluichí Oilimpeacha thart thosaigh grúpa oibrithe deonacha ag tairiscint cúram faoisimh do theaghlaigh agus chruthaigh siad club sóisialta do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu. Trí thacaíocht a fháil ó Iarthar Luimnigh, cuireadh tús le seirbhísí a chur ar fáil i gColáiste na Trócaire i Ráth Caola in 2004, agus bogadh chuig suíomh nua faoi dhó sular aimsíodh aonad in eastát tionscail Ráth Caola in 2017. I láthair na huaire, tá an club ag soláthar cúraim faoisimh ar bhonn míosúil do 51 leanbh a bhfuil riachtanais speisialta acu, agus a dteaghlaigh, i réigiún Iarthar Luimnigh. Tá thart ar 70 aosach agus 20 mac léinn as ar fud Luimnigh, ag obair ar bhonn deonach leis an gclub chun spás sóisialta a chruthú do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu, agus i gcás go leor dár mball, is é seo an t-aon deis idirghníomhaíochta sóisialta a bhíonn acu. Tugtar na leanaí ag snámh, ag babhláil etc., tugtar teiripeoirí ceoil agus súgartha chuig an gclub. Fiontar nua le cumann gailf an Chaisleáin Nua chun ceachtanna gailf oiriúnaithe a chur ar fáil.

Laethanta Moltóireachta

Laethanta Moltóireachta na nGradam Mórtais Ceantair IPB 2024 an 21ú agus 22ú Lúnasa 2024

Roghnaíodh Cumann Cónaitheoirí Gheata Eoin, Comhairle Pobail Chnoc na Carraige Brú Rí, Ionaid Cúraim Faoisimh agus Tithíocht do Dhaoine Scothaosta Dhroim Collachair agus an Cheantair agus The Butterfly Club chun ionadaíocht a dhéanamh ar Luimneach sna catagóirí seo a leanas:

  • Comharsanacht Uirbeach faoi 3000 – Cumann Cónaitheoirí Gheata Eoin
  • Daonra 300 -1000 – Comhairle Pobail Chnoc na Carraige/Bhrú Rí
  • Aoisbháúil – Ionaid Chúram Faoisimh agus Tithíocht do Dhaoine Scothaosta Dhrom Collachair agus Cheantair
  • Pobail Ionchuimsitheacha – The Butterfly Club

Chuir na ceithre ghrúpa fáilte chroíúil roimh na moltóirí Tom Dowling agus Brendan McGrath.

Agus machnamh a dhéanamh ar cad a bhí i gceist leis an lá do na grúpaí, dúirt Ian Barry – Cumann Cónaitheoirí Gheata Eoin, Jimmy Feane – Comhairle Pobail Chnoc na Carraige, Nollaig Broe – Ionaid Chúram Faoisimh agus Tithíocht do Dhaoine Scothaosta Dhrom Collachair agus an Cheantair agus Julia Keaveney – The Butterfly Club:

Gradaim 2024

Fógrófar buaiteoirí 2024 IPB Pride of Place ag searmanas bronnta ar an 2 Samhain 2024 arna óstáil ag Comhairle Contae Mhuineacháin, í Óstán & Spá Hillgrove, Contae Mhuineacháin.

Déanfar na gradaim a shruthú beo ó 7pm ar shuíomh gréasáin Mórtas Ceantair: www.prideofplace.ie  

Roinn an t-eolas seo agus logáil isteach chun an ócáid a fheiceáil agus cabhrú lenár ngrúpaí pobail a onórú agus a cheiliúradh ar an oíche.

Is iad na ceathair ghrúpa as Luimneach a dhéanann ionadaíocht ar Luimneach ag Comórtas Mórtas Ceantair na bliana seo ná

  • Aoisbháúil  (Príomh - Catagóir 12) – Ionaid Chúraim agus agus Dúiche do Dhaoine Scothaosta Dhrom Collachair
  • Comharsanacht Uirbeach faoi 3000 (Cathracha - Catagóir 1) – Cumann Cónaitheoirí Gheata Eoin
  • Daonra faoi 300-1000 (Príomh- Catagóir 2) – Comhairle Pobail Chnoc na Carraige/Bhrú Rí
  • Pobail Ionchuimsitheacha (Príomh- Catagóir 9)– The Butterfly Club

Cuirfear tús leis an searmanas le roinnt óráidí.  Fógrófar buaiteoirí na nduaiseanna, ag tosú le comórtas na gcathracha agus an chuid eile de na gradaim ina dhiaidh sin.

Neas-uainiú Ord Reatha na nDámhachtainí:

7:00 pm Searmanas Oscailte na nGradam leis an bpearsa eachaíochta Brendan McArdle agus óráidí ina dhiaidh sin

8 pm Bronnadh na nGradam (Catagóirí cathracha 1 – 7)

9:20 pm Bronnadh na nGradam (Catagóirí 1 - 8), Gradaim Deiridh (Catagóirí 9-13, Speisialta, Gradam na Comhairle)

11:30 pm Cuirfear clabhsúr ar na gradaim

Logáil isteach le do thoil chun an ócáid a fheiceáil agus cabhrú lenár ngrúpaí pobail a onórú agus a cheiliúradh ar an oíche.

21-08-2024 IPBPoP LK Johnsgate -1 810x456
Cumann Cónaitheoirí Gheata Eoin

Cumann Cónaitheoirí Gheata Eoin

Is ócáid iontach é ‘Mórtas Áite’ do Gheata Eoin agus don cheantar mórthimpeall. Thug sé na cónaitheoirí agus an pobal ar fad le chéile i gceantar a raibh deacracht mhór aige. Ní fhacathas riamh cheana go mbeadh banna druma agus píob ar Bhalla na Cathrach agus laistigh den cheantar, ní bheadh sé seo tarlaithe gan an pobal a bheith ag clárú do chomórtas "Mórtas Áite". Bhí tiomantas iomlán ó fhoireann na Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, ó na Gardaí, agus ó ghníomhaireachtaí áitiúla agus go háirithe ó phearsanra Mórtas Áite. D'éirigh thar barr leis an imeacht seo do chách agus tá pobal ag obair le chéile anois. Molaimid go láidir do phobal ar bith páirt a ghlacadh san imeacht mar is cuar foghlama iontach é a bhfuil an-spraoi ag baint leis.’

Bruree
Comhairle Pobail Chnoc na Carraige Bhrú Rí

Comhairle Pobail Chnoc na Carraige Bhrú Rí

 

‘Thug cuairt na mbreithiúna Mórtas Áite ar an 21 Lúnasa go Cnoc na Carraige Brú Rí agus na laethanta agus na seachtainí roimh an gcuairt sin deis uathúil dúinn machnamh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach againn in aghaidh angair le blianta beaga anuas.

Ba shaibhriúil an t-eispéireas ar fad agus thug sé fuinneamh agus díograis athnuaite dúinn leanúint ar aghaidh ag déanamh rudaí mar phobal a chuireann bród orainn as cé muid féin agus as ar tháinig muid.’

Dromcollogher and District
Ionaid Chúraim Faoisimh agus Tithíocht do Dhaoine Scothaosta Dhrom Collachair agus Cheantair

Ionaid Chúraim Faoisimh agus Tithíocht do Dhaoine Scothaosta Dhrom Collachair agus Cheantair

‘Tá an-áthas orainn agus is mór an onóir dúinn é a bheith roghnaithe ag Comhairle Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh chun ionadaíocht a dhéanamh ar son Luimnigh i ngradam na catagóire Aoisbhách Mórtas Áite.

Bhí lá na moltóireachta againn ar an 22 Lúnasa 2024. Bhain gach éinne an-taitneamh as an lá. Thug sé deis dúinn cumarsáid a dhéanamh, cás a thaispeáint agus machnamh a dhéanamh ar an sár-obair atá déanta thar na blianta agus atá ag méadú i nDroim Collachair agus sa Cheantar, riachtanais ár Seanóirí a aithint agus a chomhlíonadh agus cur ar a gcumas bláthú agus maireachtáil ina dtithe féin chomh fada agus is féidir. Bhí slua mór cuairteoirí, Cónaitheoirí, Teaghlaigh, Foireann, Comhairleoirí, Teachtaí Dála agus baill Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh i láthair againn.

Táimid thar a bheith bródúil as ár bhfoireann agus oibrithe deonacha go léir a thugann suas a gcuid ama chomh saor. Is é an spiorad foirne seo a chuireann ar chumas Drom Collachair leanúint ar aghaidh ag bláthú.

Gabhaimid buíochas le gach duine as a dtacaíocht ar an lá agus i gcónaí.’

Butterfly Club
The Butterfly Club

The Butterfly Club

‘Bhí an Moltóireacht Mórtas Áite ar siúl don Butterfly Club ar an Déardaoin 22 Lúnasa 2024, inár n-aonad saindeartha in Eastát Tionsclaíochta Ráth Caola. Is ar éigean a bhí a gcosa ar an talamh ag Tom agus Brendan, ár mbreithiúna, sular thugamar isteach iad le casadh ar ár rothair oiriúnaithe. Le tacaíocht ár n-oibrithe deonacha, tuismitheoirí, iarchomhaltaí agus ionadaithe ó Sheirbhís Iarthar Luimnigh agus Cumas Éireann tharraing muid pictiúir dár gclub óna bhunú, 20 bliain ó shin go dtí an leagan amach atá ann faoi láthair. Lá a bhí ann a raibh mothúcháin agus grá an-mhór air agus ba phribhléid é ár scéalta agus ár dtaithí a roinnt leis na breithiúna, le baill Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh agus lenár bpobal’

Cuirtear Gradaim Mórtais Ceantair 2024 ag Comhlachtaí Poiblí na hÉireann (IPB) i láthair in éineacht le Comhoibriú Éireann.

Tá an 22ú ceiliúradh den chomórtas ar siúl i mbliana, comórtas uile-oileáin a reáchtáiltear i gcomhar le húdaráis áitiúla Thuaidh agus Theas.

Tá sé mar aidhm ag an gcomórtas an méid a dhéanann pobail don tsochaí a aithint agus a cheiliúradh chomh maith le feasacht, meas agus cuimsiú a spreagadh do gach gné den tsochaí.

Is é cuspóir an chomórtais seo an obair a mbíonn á ndéanamh ag pobail ar fud oileán na hÉireann a aithint, ag aithint iarrachtaí na ndaoine áitiúla chun bród cathartha a chruthú agus a bpobail a dhéanamh mar áit iontach le cónaí ann.

Tá an comórtas dírithe ar dhaoine a thagann le chéile chun saolta na ndaoine ina bpobail a athrú agus a fheabhsú.

Fógrófar buaiteoirí 2024 ag searmanas bronnta i mí na Samhna 2024.

Ar ais go barr

This service is provided by

Urban and Rural Community Development

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Merchant's Quay, Limerick V94 EH90