D'fhógair an tAire Forbartha Pobail & Tuaithe, Heather Humphreys TD, sonraí na Scéime um Athnuachan Sráidbhaile agus Baile 2023 (TVRS) le déanaí a ceapadh é chun tacú lenár mbailte agus sráidbhailte tuaithe a athbheochan trí bhéim as an nua a leagan ar théarnamh sóisialta agus eacnamaíoch i lár an bhaile.
Bainfear sé seo amach trí dhíriú ar ár mbailte agus sráidbhailte tuaithe a athnuachan go leanúnach le go mbeidh siad ina n-áiteanna tarraingteacha agus spleodracha do dhaoine cónaí agus obair iontu nó chun cuairt a thabhairt orthu. Bainfear é seo amach trí:
- Tionscadail Athnuachana Baile
- Ár sráid-dreacha a fheabhsú
- Spásanna glasa/ áiseanna áineasa i láir an bhaile nó an tsráidbhaile
- Ionaid phobail atá ann faoi láthair a athfheistiú
- Foirgnimh thréigthe agus fholmha a thabhairt ar ais in úsáid mar spásanna pobail nó ilchuspóireacha
- Tionscadail chun tacaíocht a thabhairt do mhargaí a reáchtáil i láir an bhaile nó an tsráidbhaile, m.sh. margaí feirmeoirí nó margaí ceardaí
- Pláis a fhorbairt i lár an bhaile/ an tsráidbhaile
Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag lorg Léirithe Spéise (EOI) ó ghrúpaí pobail i mbailte/ i sráidbhailte agus/nó leasanna gnó a d'fhéadfadh tionscadail a bheith acu a bheadh oiriúnach do bhreithniú faoin scéim iomaíoch seo. Déanfar measúnú ar gach léiriú spéise maidir leis na tosaíochtaí a shonraítear san Imlíne Scéime agus tabharfar tús áite do thionscadail a thagann le cuspóirí “Ár dTodhchaí faoin Tuath – Beartas Forbartha Tuaithe na hÉireann 2021-2025” agus “Tús Áite do Lár an Bhaile – Cur Chuige Beartais do Bhailte na hÉireann”
Faoin Scéim um Athnuachan Sráidbhaile agus Baile 2023, is féidir 5 Léiriú Spéise ar a mhéid a roghnú chun dul ar aghaidh chuig céim an iarratais iomláin, d'fhonn iad a chur faoi bhráid na Roinne Forbartha Pobail agus Tuaithe, mar seo a leanas:
- Tionscadail suas le €250,000 - is féidir 4 Léiriú Spéise ar a mhéid a roghnú chun dul ar aghaidh chuig céim an iarratais iomláin.
- Tionscadail ó €250,000 go €500,000 – is féidir 1 Léiriú Spéise (ceann amháin) a roghnú chun dul ar aghaidh chuig céim an iarratais iomláin.
Conas iarratas a dhéanamh
Is féidir Léirithe Spéise a chur isteach ar líne tríd an nasc seo a leanas agus is é an dáta deiridh le Léirithe Spéise a chríochnú ná 12 meán lae, Dé Luain an 25ú lá de mhí Mheán Fómhair..
- Léigh an Imlíne Scéime ina hiomláine chun gach eolas faoin Scéim a fháil anseo.
- Tá sé riachtanach go bhfuil na léirithe spéise ar fad a chuirtear isteach faoi TVRS i gcomhréir le beartais rialtais; “Ár dTodhchaí Faoin Tuath" ar féidir breathnú air anseo agus “Tús Áite do Lár an Bhaile” ar féidir breathnú air anseo.
- Ní mór Cead Pleanála agus Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí (más gá) a bheith i bhfeidhm sula bhféadfaí Léiriú Spéise a mheas maidir le hé a chur ar ghearrliosta na n-iarratas a chuirfear ar aghaidh chuig an Roinn.
- Ní mór na ceisteanna ar fad ar an bhfoirm a fhreagairt agus doiciméadacht tacaíochta a uaslódáil aon áit a n-iarrtar é sin.
- Is féidir aon cheist a sheoladh trí ríomhphost chuig TownAndVillageRenewal@limerick.ie nó ar an bhfón ag 061-557116
Cloífear go docht leis an dáta deiridh.
