Ar an 15 Márta 2024 d’fhógair an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (RFTP) seoladh an ‘Chiste Aitheantais Pobail 2024’ chun tacú le pobail agus chuir siad fáilte roimh dhaoine ón Úcráin agus ó thíortha eile.
Tá aidhm leathan an chiste €50m seo ná áiseanna a fhorbairt nó a fheabhsú a chabhróidh leis an bpobal níos leithne amach anseo. Tá €1,400,378 bronnta ar Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh don chiste seo.
Limistéir Incháilithe
Leagtar amach i sonraí na scéime nach measfar ach na limistéir a bhfuil leibhéil arda daoine nua isteach iontu a bheith incháilithe don scéim seo. I Luimneach tá na limistéir seo san áireamh:
- Mainistir na Féile
- Ardach
- Eas Géitine
- An Brú
- An Cheapach Mhór
- Caisleán Uí Chonaill
- Clár Aidhne/Baile an Bhrúnaigh
- Faing
- An Gleann
- Ospidéal
- Cill Díoma
- Cill Fhíonáin
- Cill Mocheallóg
- Cathair Luimnigh agus na Bruachbhailte Uirbeacha
- An Caisleán Nua
- Seanghualainn
Tá léirithe spéise (LS) á lorg ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh do thionscadail chaipitil sna ceantair atá liostaithe thuas.
Tionscadail Incháilithe
Caithfidh tionscadail a bheith de chineál caipitil chun maoiniú a fháil, soláthróidh siad tairbhí meántéarmacha do na pobail ina bhfuil siad lonnaithe, agus beifear in ann iad a sheachadadh le linn 2025 agus 2026. Ní mór 50% den leithdháileadh a chaitheamh i 2025 ar a laghad. Gheobhaidh tionscadail incháilithe maoiniú le haghaidh costas caipitil, ach ní bheidh maoiniú ar fáil ar chostais oibríochtúla leanúnacha ná reatha.
Ní féidir tionscadail níos lú a chomhcheangal go saorga chun an íostairseach de €50,000 a bhaint amach - cé gur thug an scéim 2023 maoiniú ar infheistíocht ar scála níos lú i gclubanna agus i bpobail (m.sh. do threalamh ar scála níos lú), tá fócas scéime 2024 ar thionscadail ar scála agus ar thionchar níos mó.
Is iad na cineálacha tionscadal atá incháilithe le haghaidh maoinithe:
- forbairt, feabhsú nó athchóiriú ar áiseanna pobail nó cultúrtha, le limistéir shúgartha, siúlbhealaí, páirceanna, gairdíní pobail/céadfach, cuibhrinn, agus limistéir aeraíochta san áireamh
- forbairt, feabhsú nó athchóiriú ar chlub áitiúil agus ar áiseanna spóirt agus áiseanna ar nós linnte snámha pobail, seomraí feistis, leithris, áiseanna digiteacha ar nós cláir scórála / faisnéise etc. san áireamh
- feabhsú ar áiseanna scoile/paróiste atá ar oscailt lena n-úsáid ag an bpobal ar fad tar éis uaireanta scoile;
- bonneagar iompair ar nós feithiclí pobail, scáthláin bus agus cláir fhaisnéise freastalaithe a cheannach; (caithfidh feithicil ar bith a mhaoinítear a bheith i riocht maith agus nach mó ná 5 bliana d’aois)
- tionscadail a chuidíonn le dearóiliú agus/nó cuspóirí forbartha áitiúla eacnamaíochta agus pobail níos leithne;
- ceannach agus athchóiriú foirgnimh fholmha agus tréigthe le haghaidh úsáid an phobail nuair a aithnítear go bhfuil gá soiléir ann.
- Ceannach talún agus oibreacha gaolmhara chun áiseanna pobail a fhorbairt mar áiteanna súgartha / limistéar ilúsáide cluichí nó páirceanna baile / gairdíní pobail, limistéir aeraíochta srl. (ní mór ceannacháin a riaradh ach ag an údarás áitiúil).
Níor cheart an maoiniú seo a úsáid mar fhoinse cómhaoinithe d’aon scéim eile atá á oibriú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail nó ag aon Roinn Rialtais eile, ná níor cheart an maoiniú seo a úsáid mar fhoinse cómhaoinithe d’aon tionscadal eile a mhaoinítear faoin CAP 2023.
Conas iarratas a dhéanamh
Is féidir Léirithe Suime a chur isteach ar líne tríd an nasc seo a leanas a úsáid.
Ba cheart sonraí an tionscadail atá beartaithe laistigh de na réimsí sainaitheanta a chur isteach ar líne faoi am scoir gnó an 12 Bealtaine 2024.
Tabhair faoi deara le do thoil go roghnófar na tionscadail faoin scéim trí phróiseas iomaíoch agus go ndéanfar measúnú ar Léiriú Suime (LS) bunaithe ar na critéir incháilitheachta agus ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil sa LS. Tabharfar tosaíocht do thionscadail atá in ann a léiriú go bhfuil siad in ann a bheith tairbhiúil don phobal níos leithne agus seachadta laistigh de na spriocdhátaí riachtanacha. Is é an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a chinnfidh an maoiniú a bhronnadh.
Laethanta Faisnèise
Chun cabhrú le Pobail a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh maoiniú a chur ar fáil do thionscadail sna réimsí a leagtar amach thuas, tá na himeachtaí faisnéise seo a leanas sceidealta ag na láithreacha agus na hamanna seo a leanas.
Dè Luain, 29 Aibreàb 2024
- Oifig Cheantar Bardasach an Chaisleàin Nua Thiar, Àras William Smith O Brien, An Gort Buì, AN Caisleàn Nua Thiar, Co. Luimnigh, V42 EH73 10:30hrs–12:30hrs
- Ceantar Bardasach Àth Dara-Ràth Caola, Àras Seàn Finn, Bòthar na Lìne Nua, Ràth Caola, Co.Luimnigh, V94 HK1V 14:00hrs–15:00hrs
Dè Màirt 30 Aibreàn 2024
- Ceantar Bardasach Chill Mocheallòg, Cill Mocheallòg, Co. Luimnigh, V35 K497 10:30hrs-1230hrs & 14:00hrs-16:00hrs
Dè Cèadaoin 1 Bealtaine 2024
- Ceanncheathrù Chorparàideach, Comhairele Cathrach agus Contae Luimnigh, Cè na gCeannaithe, Luimneach, V94 EH90
10:30hrs-12:30hrs - Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, Bòthar Thuar an Daill, Tuar an Daill, Luimneach, V94 WV78 14:00hrs-16:00hrs
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le:
Ríomhphost: CRF@limerick.ie
Fón: 061 556000