Cuireadh pleananna i láthair ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh i gcomhair athfhorbartha phríomhshráide Luimnigh - Sráid Uí Chonaill. Clúdaíonn Tionscadal Athbheochana Sráide Uí Chonaill an limistéar idir acomhail le Sráid na Danmhairge/ Cé Artúir agus Sráid Shisil / Sráid Shisil Íochtarach. Is aidhm ghinearálta an tionscadail ná chun go mbeidh tosaíocht ann do choisithe sa sráid, agus í solúbtha in úsáid.

Tá athchóiriú ar siúil faoi láthair ar Shráid Uí Chonaill agus Sráid Thomáis mar chuid de thionscadal Athbheochana Sráide Uí Chonaill i gCathair Luimnigh. Tá an obair ag tarlú ar bhonn céimnithe, beidh an chéim seo críochnaithe i lár Q2 2023.
Is aidhm leis príomhshráid Luimnigh a athbheochan, áiseanna do choisithe a shíniú agus naisc rothaíochta agus iompair phoiblí tiomnaithe a sholáthar.
Cé go bhfuil teorainneacha tráchta áirithe i bhfeidhm, fanann gnóthaí ar oscailt agus inrochtana don phobal. Fiú más i gcomhair siopadóireachta, caife a ól le cairde nó Siúlóid an Trí Dhroichid a dhéanamh le do theaghlach, bain sult arís as an gcathair!
Áirítear leis an tionscadal:
- Cosáin níos leithne chun gur féidir le daoine teacht ann go héasca, trádáil sna sráideanna, agus bealaí amach ó shiopaí agus caiféanna sa sráid
- Soláthair troscáin sráide ar Shráid Uí Chonaill lena n-áirítear suíocháin, crainn, plandaí, seastáin do rothair agus soilsiú, chomh maith le gnéithe amhail dealbha, pláis do choisithe agus saothair ealaíne uisce
- Lánaí rothaíochta tiomnaithe chun taisteal gníomhach a éascú
- Infreastruchtúr iompair poiblí a thabhairt isteach agus laghdú i leithead lánaí tráchta
- Acomhail boird ardaithe chun trácht a mhoilliú
- Athlonnú spáis páirceála agus lódála ó Shráid Uí Chonaill chuig suíomhanna in aice an taoibh
Tá tionscadal Athbheochana Shráid Uí Chonaill comh-mhaoinithe le €4m ó Chiste Forbartha Réigiúnach na hEorpa Clár Oibriúcháin Réigiúnach S&E 2014-20 Scéim Deontais Láir Uirbigh Deartha, faoi bhainistíocht Thionóil Réigiúnaigh an Deiscirt agus Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.