Tá an Scéim um Tharscaoileadh Ranníocaíochta Forbartha Sealadach i bhfeidhm ar feadh bliana amháin do gach forbairt chónaithe cheadaithe a thósaíonn ar an láthair idir 25 Aibreán 2023 agus 24 Aibreán 2024 agus atá críochnaithe tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2025.
Clúdóidh an tarscaoileadh costas iomlán an tobhaigh ranníocaíochta forbartha atá dlite ón bhforbróir/ ón iarratasóir faoin scéim ranníocaíochta forbartha, curtha ar fáil ag an údarás áitiúil cuí. Faoin scéim um tharscaoileadh, seachas go mbeadh ar an bhforbróir/ iarratasóir na ranníocaíochtaí forbartha cuí a íoc don údarás áitiúil ar an ngnáthbhealach (de ghnáth nuair a thósaíonn tógáil nó i gcomhréir le plean íocaíochta céimnithe comhaontaithe leis an údarás áitiúil), maidir leis an méid seo a leanas, íocfaidh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta na táillí cuí atá dlite don údarás áitiúil thar ceann an duine atá faoi dhliteanas na ranníocaíochta.
Tabhair faoi deara na nithe seo a leanas le do thoil:
- Beidh forbairtí cónaithe lena n-áirítear forbairtí ilaonad, tithe féin-tógtha, agus tithe tuaithe ar leith, cóiríocht do mhic léinn agus sciath-thithíocht go léir incháilithe le cur isteach ar an tarscaoileadh sin.
- Níl síntí cónaithe nó athchóiriú ar réadmhaoin fholamh/thréigthe/atá ann cheana féin, incháilithe le cur isteach ar an tarscaoileadh seo
Má tá ceist agat déan teagmháil le do thoil leis An Aonad Bannaí agus Ranníocaíochtaí, Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag pdcwaiver@limerick.ie