Forbraíodh Plean Straitéiseach Limistéir an Mheániarthair (MWASP) chun creat polasaithe pleanála a sholáthar chun cinnteoireacht a threorú ar fhorbairt fhisiceach agus spáis an Mheániarthair go 2030.
D’ullmhaigh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, thar ceann ceithre údarás áitiúil i réigiún an Mheániarthair, lena n-áirítear freisin Comhairle Contae an Chláir agus Comhairle Contae Thiobrad Árann, agus ag obair le Údarás Réigiúnach an Mheániarthair, Plean Straitéiseach a thugann measúnú ar fhís an todhchaí i gcomhair pleanála, úsáid talaimh agus iompair i Réigiún an Mheániarthair.
Corpraíonn Plean Straitéiseach Limistéir an Mheániarthair (MWASP) ‘Straitéis Pleanála, Úsáide Talaimh agus Iompair’ do réigiún an Mheániarthair.
Is aidhm leis an bPlean fás cothromaithe a chur chun cinn laistigh an réigiúin agus an méid is mó sochair sóisialta, eacnamaíoch, sláinte agus cultúrtha a bhaint amach do gach saoránaigh an réigiúin.
Chríochnaigh an Plean MWASP próiseas glactha/faofa ag an gceithre údarás áitiúil agus Údarás Réigiúnach an Mheániarthair. Tagann an Plean le Ráiteas Measúnaithe Straitéisigh ar Chomhshaol (SEA) ullmhaithe i gcomhréir le Ionstraim Reachtúil Uimh 435 ó 2004, riachtanais Rialacháin an Chomhphobail Eorpaigh (Measúnú Comhshaoil ar Phleananna agus Cláir Áirithe), 2004, de réir leasaithe ag S.I Uimh 200 ó 2011 Rialacháin (Comhphobal Eorpach (Measúnú Comhshaoil ar Phleananna agus Cláir Áirithe) 2011) a thugann achoimre ar a leanas.
- Conas a bhí breithniúcháin comhshaoil comhtháite isteach sa phróiseas ullmhúcháin MWASP.
- Conas a ullmhaíodh Tuarascáil Comhshaoil i gcomhréir le Airteagal 12, aighneachtaí agus breathnóireachtaí déanta le Comhairle Cathrach Luimnigh agus Údarás Réigiúnach an Mheániarthair, thar ceann ceithre (4) Údarás Áitiúil i Réigiún an Mheániarthair, mar fhreagra ar fhógra faoi Airteagal 13 agus aon choimairliúcháin faoi Airteagal 14 an Chomhphobail Eorpaigh Treoir SEA glactha san áireamh le linn ullmhúcháin an Phlean.
Áirítear le Ráiteas SEA freisin cur síos ar na cúiseanna a raibh targaidí agus moltaí roghnaithe sa Phlean. Déileáiltear freisin leis na ailtéarnacha réasúnta eile i bpróiseas ullmhúcháin MWASP sa bhreis leis na bearta cinntithe chun monatóireacht a thabhairt, i gcomhréir le Airteagal 17, ar aon éifeachtaí comhshaoil suntasacha a eascraíonn i gcur i bhfeidhm an Phlean.
I gcomhréir le Airteagal 6(3) Threoir Gnáthóga 92/43/EEC, tagann an MWASP freisin le Tuarascáil Chinneadh ar Mheasúnú (Cuí) ar Ghnáthóga.
Tá cóip de Phlean Straitéiseach Limistéir an Mheániarthair agus Tuarascálacha Comhshaoil gaolmhara ar fáil ar líne i gcomhair iniúchta. Cliceáil anseo.