Déantar iarratais LRD go díreach chuig an Údarás Áitiúil. Tháinig an tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) (Forbairt Chónaithe Mhórscála), 2021 i bhfeidhm amhail ón 17 Nollaig 2021, arb é an dáta tosaithe é chun déileáil le hiarratais LRD. Tháinig Rialacháin nua agus Struchtúir Táillí nua i bhfeidhm freisin an 17 Nollaig 2021.
Is éard is iarratais ar Fhorbairt Chónaithe mhórscála nó LRD ann ná iarratais a dhéantar chuig an Údarás Áitiúil le haghaidh:
- 100 teach nó níos mó a fhorbairt,
- forbairt cóiríochta do mhic léinn lena n-áirítear 200 spás leapa nó níos mó,
- 100 teach nó níos mó agus cóiríocht do mhic léinn a fhorbairt, nó
- forbairt cóiríochta do mhic léinn lena n-áirítear 200 spás leapa nó níos mó agus tithe.
Tá iarratais LRD teoranta do thailte criosaithe cónaithe agus ní bhaineann siad le tailte atá ainmnithe mar Chriosanna Forbartha Straitéisí. Ceanglaítear ar aon úsáidí eile a mholtar laistigh den fhorbairt a bheith ag cloí leis na cuspóirí criosaithe Úsáid Talún atá ainmnithe ag an bPlean Forbartha. Tá forbairtí neamhchónaithe a mholtar laistigh d'iarratas LRD teoranta do 30% den achar urláir iomlán.
Próiseas 4 Chéim
De ghnáth bíonn 4 chéim sa phróiseas iarratais LRD:
- Réamhiarratas Comhairliúchán Alt 247
- Cruinniú an LRD leis an Údarás Pleanála
- Tuairim LRD
- Iarratas LRD a chur isteach
Scála Táillí
Aicme Forbartha | Méid na Táille | Méid na Táille le haghaidh Cead Coinneála |
---|---|---|
Soláthar d’fhorbairt chónaithe ar scála mór | ||
(a) Comhairliúchán Réamhiarratais | €1,500 | |
(b) Struchtúr na dtáillí bunúsacha: Gach Aonad Tithíochta Nóta: Maidir le hiarratas a chuimsíonn lóistín do mhic léinn, nó lóistín roinnte ba cheart an raon struchtúir thuas agus an táille in aghaidh an aonaid a chur i bhfeidhm ar an mbonn pro rata a chiallaíonn go bhfuil an táille d'aonad tithíochta amháin = an táille do spás 2 leaba de lóistín mac léinn nó de lóistín roinnte. |
€130 in aghaidh an aonaid tithíochta | €390 in aghaidh an aonaid tithíochta |
(c) Struchtúr Táillí le haghaidh úsáidí eile ar an talamh, a éascaíonn a chriosú úsáid dá leithéid: in aghaidh an mhéadair chearnaigh d'ollspás urláir go dtí uasmhéid de 30% de spás urláir na forbartha ar fad. | €7.20 in aghaidh an méadar suas go dtí uasmhéid de €32,400 | €15 in aghaidh an méadar suas go dtí uasmhéid de €65,000 |
(d) Struchtúr Táille EIS/NIS a chur isteach: | ||
EIS a chur isteach | €10,000 | €10,000 |
NIS a chur isteach | €10,000 | €10,000 |
Tabhair faoi deara: Is é €80,000 an táille uasta atá iníoctha le húdarás pleanála ag iarratasóir maidir le hiarratas ar chead d’fhorbairt cónaithe ar mhórscála.