Luimneach - Cathair Dhuilleog Ghlas Eorpach 2020

Tá an Duilleog Ghlas Eorpach bronnta ar Luimneach don bhliain 2020. Is comórtas é an Gradam Duilleog Ghlas Eorpach atá dírithe ar chathracha agus ar bhailte ar fud na hEorpa, le daonraí idir 20,000 agus 100,000 ina gcónaí. Tugann an gradam aitheantas do thiomantas na gcathracha do thorthaí comhshaoil níos fearr. Fuair Luimneach Gradam Duilleog Ghlas Eorpach 2020, in éineacht le Mechelen sa Bheilg.

  • Limerick - European Grean Leaf City Winner 2020 810x456

Le linn ár mBliain Duilleog Ghlas Eorpach, beidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag tapú an deis chun roinnt tionscadal atá dearfach ó thaobh an chomhshaoil de a fhorbairt agus táthar ag súil go bhfágfaidh siad oidhreacht do Luimneach agus dá muintir.

Cé gur ghá ár bpleananna bunaidh a athrú mar gheall ar shrianta Covid-19, tá sé beartaithe againn fós clár imeachtaí spreagúla agus tarraingteacha a sheachadadh chun feasacht a ardú agus chun cumas a thógáil maidir le saincheisteanna comhshaoil. Tá sé beartaithe againn go háirithe clár leathan d’imeachtaí seimineáir a óstáil ar ábhair chomhshaoil mar bhithéagsúlacht, laghdú dramhaíola, athrú aeráide, aibhneacha agus maireachtáil inbhuanaithe. Tugann an bhliain seo deis do Luimneach cur go mór le bheith níos inbhuanaithe. Bí mar chuid den turas!

Chun tuilleadh a fháil faoi Luimneach- Cathair Ghlas Eorpach cliceáil anseo.