Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag déanamh athbhreithnithe de réir a chéile ar an gcaoi a ndéantar bainistiú ar a gcuid spásanna glasa ionas go mbeidh siad níos neamhdhíobhálaí do phailneoirí agus níos fearr don bhithéagsúlacht go ginearálta.

Let it Bee!
Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag forbairt a líonra móinéir bláthanna fiáine timpeall na cathrach mar chuid dár dtiomantas do Phlean Uile-Éireann Pailneora agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhliain Luimnigh mar Chathair Dhuilleog Ghlas Eorpach.
Beidh cead féar agus bláthanna fiáine a fhás sna ceantair seo go dtí an Fhómhar chun bia a sholáthar do bheacha fiáine. I mí Mheán Fómhair, déanfar na limistéir seo a ghearradh síos agus na gearrthóga a bhaint. Laghdóidh sé seo na leibhéil chothaitheach san ithir, rud a spreagfaidh bláthanna fiáine chun coilíniú nádúrtha a dhéanamh ar na limistéir.
Is iad na limistéir a fhágfar gan ghearradh ná:
- Bóthar Childers ó Thimpeallán Bhealach na Páirce go Timpeallán Bhaile an Róistigh
- Seanbhóthar Chorcaí os comhair An Baile Seoirseach
- Condell Road ó Dhroichead na Sionainne go Timpeallán Uí Chuanach
- Timpeallán Bhóthar an Duga go Timpeallán Quin's Cross
- An cúlchiste lárnach ó thimpealláin Uí Chuanach go Cluain Draighneach
Is é ceann de na rudaí is simplí is féidir leat a dhéanamh chun cabhrú le pailneoirí ná rud ar bith! Ná gearr féar chomh minic, laghdaigh úsáid spraeanna agus go simplí Let it Bee!

Caisearbháin
Ar cheann de na chéad ghníomhartha a rinne Luimneach nuair a chláraigh siad don Phlean Uile-Éireann Pailineora ba ea moill a chur ar ghearradh féir i gceantair áirithe sa chathair agus sa chontae le go bhféadfadh caisearbháin bláth mar go gcuireann siad bia luath tábhachtach ar fáil do bheacha agus do phailneoirí eile. Cuireadh comharthaíocht in áit chun an pobal a chur ar an eolas sna ceantair seo agus cuireadh comharthaí ar fáil freisin do ghrúpaí pobail a bhí ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh sna ceantair a bhí á gcothabháil acu.
Ghlac an pobal go mór leis an tionscnamh seo agus tá súil ag an gComhairle líon na gceantar a mhéadú an bhliain seo chugainn.

Móinéir Bhláthanna Fiáine
Forbraíodh trí limistéar píolótach de thailte poiblí ina móinéir bláthanna fiáine. Tá siad seo suite ag Corrbhaile Meadows, Bóthar Childers agus Páirc an Choláiste. D'fhostaigh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh luibheolaí, an Dr. Tom Harrington PhD chun staidéar a dhéanamh ar na réimsí seo gach mí le linn an tséasúir fáis agus tuairisc a thabhairt ar éagsúlacht speiceas, luach do phailneoirí agus moltaí a dhéanamh ar bhainistíocht chuí. Is féidir cóipeanna de thuarascálacha an Dr. Harrington a íoslódáil sna doiciméid tacaíochta thíos.

Ardú Feasachta
Bhí Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh gníomhach i bhfeasacht ar phlean na bpailneoirí a ardú trína cuid oibre le grúpaí na mBailte Slachtmhara agus freisin trí dhoiciméid treorach a scaipeadh ar scoileanna agus ar ghrúpaí pobail eile.
Is féidir doiciméid treorach earnála a íoslódáil ó pollinators.ie.