Tá staidéar curtha i gcrích ag an tionscadal seo chun oidhreacht Luimnigh a chatalógú feadh na Sionainne, agus tá sé i mbun pleananna caomhnaithe agus bainistíochta a fhorbairt ní amháin chun na suíomhanna is mó i mbaol a chosaint, ach chun luach a thabhairt dóibh mar shócmhainní turasóireachta freisin.
Cuireann tionscadal Interreg Cheantar an Atlantaigh MMIAH €274,000 breise ar fáil do Luimneach chun ár n-oidhreacht mhuirí, mhíleata agus thionsclaíoch a ghnóthú agus chun luach a chur léi.
Is sampla iontach é an Grand Hotel ag Cé na Comhla, a bhfuil gá le caomhnú agus le háilleacht faoi láthair chun feabhas a chur, ní hamháin ar an struchtúr, ach ar thimpeallacht ghinearálta na coda sin den chathair. Tríd an tionscadal MMIAH táimid ag obair le hUiscebhealaí Éireann chun an feabhas seo a chur i gcrích.
Tá dearcadh spreagúil fadtéarmach ag tionscadal MMIAH freisin maidir le comhtháirge turasóireachta a chruthú - Luimneach mar chuid de bhealach Cósta an Atlantaigh, ó Dheisceart na Spáinne go Tuaisceart na hAlban.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoin Tionscadal MMIAH cliceáil anseo.