Scéim um Thaisteal Gníomhach an Ráithín go Crois Uí Chuinn

Is tionscadal é an Scéim um Thaisteal Gníomhach an Ráithín go Crois Uí Chuinn atá á chur ar fáil ag Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh. Tá sé á mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair.

  • Raheen to Quinn’s Cross R510 Active Travel Scheme
  • Raheen to Quinn’s Cross R510 Active Travel Scheme
  • Raheen to Quinn’s Cross R510 Active Travel Scheme
  • Raheen to Quinn’s Cross R510 Active Travel Scheme

Beidh an nasc, a bheidh thart ar 980m ar fad agus soláthróidh sé raonta rothar agus cosáin leithscartha, lánaí tráchta feabhsaithe/optamaithe agus áiseanna trasrianta tiomnaithe do rothaithe agus do choisithe idir Timpeallán Chrois Uí Chuinn agus Timpeallán an Ráithín.

Déanfar oibreacha uasghrádaithe ar stadanna bus, acomhail taobh-bhóthair agus dromchla nua bóithre, chomh maith le hoibreacha tírdhreachtaithe agus cóireálacha Bhealaí Sábháilte chun na Scoile ag Scoil Neasáin.

Nuair a bheidh sé críochnaithe, beidh an tionscadal mar chuid lárnach den ghréasán um Thaisteal Gníomhach ar fud Iarthar Chathair Luimnigh – ag nascadh leis an Scéim um Thaisteal Gníomhach Bhóthar an Athar Ruiséil agus ag éascú nasc chuig lár chathair Luimnigh trí Scéim Naomh Póil go Baile Uí Chaoimh agus Scéim an Chuarbhóthair Theas.

I ndiaidh di dul trí phróiseas comhairliúcháin phoiblí, rinne Comhairleoirí an Scéim a fhormheas trí iarratas pleanála Chuid 8 i Meán Fómhair 2022 chuig: Cuid VIII - Crois Uí Chuinn go Timpeallán Raithin | An Tairseach um Chomhairliúchán Ar Líne, Shuirbhéanna agus Fhoirmeacha Iarratais Chomhairle Cathrach & Contae Luimnigh.

Cuireadh tús le tógáil an tionscadail i mí Iúil 2024 agus meastar go dtógfaidh sé thart ar dheich mí é a chur i gcrích.

Download the latest documents

This service is provided by

Active Travel

Phone +353 61 556000