Is tionscadal é An Scéim um Thaisteal Gníomhach Bhóthar Bhéal Átha Síomoin atá á chur ar fáil ag Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh. Tá sé á mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair.

Faoi láthair, tá an Scéim faoin gcéim tosaigh Raon Feidhme agus Cuspóra (Céim 1 as 7 i dTreoirlínte an NTA maidir le Tionscadail a Fhormheas) agus tá sí á cur chun cinn ag an bhFoireann um Thaisteal Gníomhach.
De réir mar a théann an Scéim ar aghaidh, déanfar an leathanach seo a nuashonrú leis an eolas is déanaí atá ar fáil maidir leis na hoibreacha.