Is tionscadal é An Scéim um Thaisteal Gníomhach an Chuarbhóthair Theas atá á chur ar fáil ag Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh. Tá sé á mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair.
Éascóidh an nasc naisc idir Coláiste Mhuire gan Smál agus lár na cathrach. Nascfaidh sé freisin le taobh thiar na cathrach tríd an Scéim um Thaisteal Gníomhach Naomh Póil go Baile Uí Chaoimh agus níos faide ar aghaidh chuig an Scéim um Thaisteal Gníomhach Bhóthar an Athar Ruiséil.
I ndiaidh di dul trí phróiseas comhairliúcháin phoiblí, rinne Comhairleoirí an Scéim a fhormheas trí iarratas pleanála Chuid 8 i mí Feabhra 2023. Féach ar: Cuid 8 - An Scéim um Thaisteal Gníomhach an Chuarbhóthair Theas | An Tairseach um Chomhairliúchán Ar Líne, Shuirbhéanna agus Fhoirmeacha Iarratais Chomhairle Cathrach & Contae Luimnigh.
Tá an Scéim ag dul ar aghaidh anois trí na céimeanna deiridh de Dhearadh Mionsonraithe.
Táthar ag súil go gcuirfear tús le próiseas tairisceana chun conraitheoir a cheapadh in 2025, agus go dtógfar an tionscadal ina dhiaidh sin.
De réir mar a théann an Scéim ar aghaidh, déanfar an leathanach seo a nuashonrú leis an eolas is déanaí atá ar fáil maidir leis na hoibreacha.