Bóthar Ceangail Chaladh an Treoigh

Is tionscadal é Bóthar Ceangail Chaladh an Treoigh atá á sheachadadh ag Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh. Tá sé á mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair.

  • Castletroy Link Road

Leis na hoibreacha atá beartaithe déanfar bóthar dáileacháin nua a thógáil i gCaladh an Treoigh. Cheanglódh sé seo Bóthar an Mhachaire Ghailf ó acomhal Bhóthar Theach na Scoile le Bóthar na Grúdan ar an taobh theas de Thimpeallán na Cille Báine.

Chuideodh an tionscadal atá tábhachtach go straitéiseach leis an líonra iomlán ar thaobh Thoir na cathrach a leathnú, agus ag an am céanna tailte criosaithe talamhiata a oscailt le haghaidh forbartha sa lárionad ceantair bruachbhailteach atá ag fás go tapa.

Tá na moltaí, ag teacht le Plean Ceantair Áitiúil Chaladh an Treoigh agus le Plean Forbartha Luimnigh 2022-2028, beartaithe chun:

  • Forbairt gluaiseachta agus inrochtaineachta sábháilte agus éifeachtúla a spreagadh a dhéanfaidh freastal ar riachtanais gach úsáideoir
  • Soláthar iompair inbhuanaithe a spreagadh
  • Laghdú timpistí a spreagadh
  • A chinntiú go gcuirtear áiseanna leordhóthanacha agus forálacha rochtana ar fáil dóibh siúd atá faoi mhíchumas sa phobal
  • Siúlóid agus rothaíocht a spreagadh mar mhodhanna gluaiseachta níos áisiúla, a bhfuil tóir orthu agus níos sábháilte i gCaladh an Treoigh
  • Éascú a dhéanamh ar sholáthar líonra tarraingteach agus soiléir de chosáin easbhóthair agus áiseanna rothaíochta

Beidh an bóthar beartaithe ó Thimpeallán na Cille Báine go Bóthar Theach na Scoile, achar thart ar 650m ar fad, ina bhóthar dáileacháin le trasghearradh, a bheidh comhdhéanta de ghnáth de charrbhealach 9.45m ar leithead. Tá sé beartaithe go mbeidh an carrbhealach seo comhdhéanta de na nithe seo a leanas:

  • Lána bus 3.25m ar leithead
  • Cosáin 2 × 2.1m ar leithead
  • Rotharbhealaí deighilte 2 × 2m ar leithead
  • Ciumhaiseanna plandaithe 2 × 1.5m ar leithead le 1 as 2 taobhfhánaí claífoirt bóthair

Táthar ag súil go dtosóidh an tionscadal ar an bpróiseas pleanála reachtúil níos déanaí.

De réir mar a théann an Scéim ar aghaidh, déanfar an leathanach seo a nuashonrú leis an eolas is déanaí atá ar fáil maidir leis na hoibreacha.

This service is provided by

Active Travel

Phone +353 61 556000