Is tionscadal é An Scéim um Thaisteal Gníomhach Chaladh an Treoigh a chuir Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh ar fáil. Ba é an tÚdarás Náisiúnta Iompair a mhaoinigh é.
Áirítear leis an nGlasbhealach, a shíneann go thart ar 1.3km, nascacht thiar le Lár Bhaile Chaladh an Treoigh agus nascacht thoir le limistéar cónaithe áitiúil Bhóthar Walkers.
Soláthraíonn an príomhdhroim thuaidh-theas nascacht idir Coláiste Chaladh an Treoigh agus Gaelscoil Chaladh an Treoigh. Tá an chuid seo thart ar 820 méadar ar fad.
Nascann an Glasbhealach tithe daoine lena scoileanna áitiúla, lena siopaí agus lena n-áiseanna agus tá sé mar chuid de ghréasáin rothaíochta agus siúlóide Thaisteal Gníomhach Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh in Oirthear an cheantair Uirbigh.
Bhain costas thart ar €2 mhilliún le Glasbhealach Uirbeach Chaladh an Treoigh agus mhaoinigh clár deontais an Údaráis Náisiúnta Iompair um Bearta Iompair Inbhuanaithe é.
I ndiaidh di dul trí phróiseas comhairliúcháin phoiblí, rinne Comhairleoirí an Scéim a fhormheas trí iarratas pleanála Chuid 8 i mí an Mhárta 2020. Féach ar: Cuid VIII - Glasbhealach Uirbeach Chaladh an Treoigh| An Tairseach um Chomhairliúchán Ar Líne, Shuirbhéanna agus Fhoirmeacha Iarratais Chomhairle Cathrach & Contae Luimnigh
Cuireadh an tionscadal i gcrích agus seoladh é i mí Dheireadh Fómhair 2021.