Scéim um Thaisteal Gníomhach Bhóthar de hÍde

Is tionscadal é An Scéim um Thaisteal Gníomhach Bhóthar de hÍde a chuir Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh ar fáil. Ba é an tÚdarás Náisiúnta Iompair a mhaoinigh é.

  • Hyde Road Active Travel Scheme

Tá sé mar aidhm ag an Scéim seo áiseanna ar ardchaighdeán do rothaithe agus do choisithe a nascann Bóthar Childers le Bóthar Uí Chiara Íochtarach a chur ar fáil, agus bearta maolaithe tráchta agus timpeallacht bóthair níos fearr a chur ar fáil do dhaoine áitiúla ag an am céanna.

Áirítear leis an tionscadal, atá thart ar 1km ar fad, áiseanna rothaíochta leithscartha, cosán níos fearr, rochtain feithicle, pábháil thadhlach agus feabhsuithe ar acomhail ag Ascaill Chraobh Chomhartha, Ascaill Uí Loingeacháin, Ascaill Uí Bhroin agus Ascaill Uí Mheachair.

Tá rampaí boird agus marcanna bóthair nua san áireamh sa tionscadal freisin.

Cé gur baineadh naoi gcrann feadh an bhóthair chun an Scéim a thógáil, tá siad le hathchúrsáil go páirteach mar threalamh súgartha nádúrtha do naíolann pobail áitiúil. I mí Eanáir 2024, cuirfear 27 crann nua mar chuid den Scéim, agus beidh mheascán de speicis dhúchasacha, speicis atá tugtha chun cineáil agus speicis atá seasmhach ó thaobh na haeráide de.

Tá an Scéim le fáil i Straitéis Iompair Mórcheantar Uirbeach Luimneach Sionainn 2040 agus tá sí luaite mar phríomhbhealach tánaisteach sa chaoi go nascann sí ceantair chónaithe, tráchtála agus fostaíochta le príomhghréasán Luimnigh um Thaisteal Gníomhach.

Cuireadh an tionscadal i gcrích i mí na Nollag 2023 agus seoladh é sa mhí céanna.

This service is provided by

Active Travel

Phone +353 61 556000