Faisnéis faoi Shoilsiú Poiblí agus Lochtanna a Thuairisciú

Locht ar Shoilsiú Poiblí nó ar Sholas Sráide a Thuairisciú.

Más mian leat locht soilsithe phoiblí a thuairisciú, bain úsáid as Tairseach Electric Skyline le do thoil.

nó Glaoigh ar Electric Skyline ar: 1800 150 150.

Tá Electric Skyline ar conradh ag Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh chun Soilsiú Poiblí a sholáthar agus a chothabháil i gCathair agus i gContae Luimnigh.

Is féidir leat locht a thuairisciú go díreach le Electric Skyline.

Seans go mbeidh ort an t-eolas seo a leanas a sholáthar:

  • An baile nó an sráidbhaile agus ainm na sráide.
  • Suíomh an tsolais (mar shampla, taobh amuigh de theach uimhir 5).
  • An uimhir ar an gcuaille.
  • D’ainm agus uimhir theagmhála

Tá uimhir ar gach cuaille

Mura bhfuil uimhir ar an gcuaille solais ní dócha go mbeidh sé á chothabháil ag Electric Skyline agus mar sin ní dócha go mbeidh sé faoi chúram Chomhairle Cathrach & Contae Luimnigh. Sa chás seo, tá forbróir an eastáit fós freagrach as na soilse. Déan aon lochtanna ar shoilse den sórt sin a thuairisciú don fhorbróir. 

Cásanna Éigeandála

Má fheiceann tú aonad soilsithe sráide á leagan, nó go deimhin aon chás eile a bhraitheann tú a dteastaíonn aird láithreach uaidh, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh le Electric Skyline ar an uimhir thuas agus cuir ina bhaile orthu go bhfuil an fhadhb práinneach. Má tá eagla ort go bhféadfadh cuaille a bheith beo mar thoradh ar thimpiste nó rud ar bith agus má theipeann ort freagra láithreach a fháil ó Electric Skyline mar gheall go bhfuil sé taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre etc., ba chóir duit glaoch ar uimhir Éigeandála BSL ar 1800 372 999 agus an t-ábhar a thuairisciú agus tabharfaidh BSL aghaidh air chun an suíomh a dhéanamh slán.