Chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a mbogann coisithe, rothaithe agus feithiclí faoi chathair Luimnigh, déanfaidh Foireann Taistil Gníomhaigh Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, suirbhéanna ag baint úsáide as feistí radair i gceantair ina bhfuil Scéimeanna Taistil Gníomhaigh á gcur i bhfeidhm agus ina gceantar máguaird.
Ní ghabhfaidh na suirbhéanna tráchta seo sonraí pearsanta íomhánna de choisithe nó de chónaitheoirí.
Ceanglaítear ar Chomhairle Cathrach & Contae Luimnigh leibhéil tráchta i gceantair áirithe a mheas, lena chinntiú go gcoinnítear dearadh bhonneagar na dtionscadal de réir na gcaighdeán is airde is féidir.
Bainfear úsáid as na radair chun líon na gcoisithe, rothaithe agus feithiclí a bheidh ag taisteal tríd na ceantair ina mbeidh siad suiteáilte a bhrath. Sainaithníonn an feiste iad seo bunaithe ar mhéid agus cruth feithicle/duine ag baint úsáide as teicneolaíocht radair.
Is iad toisí na bhfeistí ná 300mm X 250mm X 100mm. Is iad na braiteoirí 94.7mm X 84.4mm X 26.4mm.
Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig: https://www.smartmicro.com/traffic-sensor
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait déan teagmháil Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Fón: 061 556000
R-phost: customerservices@limerick.ie

