Straitéis Luchtaithe Feithiclí Leictreacha

Straitéis Luchtaithe Feithiclí Leictreacha Luimnigh: An bealach a réiteach do Thodhchaí Inbhuanaithe - Tá Comhairle Cathrach agus Chontae Luimnigh ag forbairt Straitéis Luchtaithe Feithiclí Leictreacha faoi láthair do Luimneach. Tá sé mar aidhm ag an Straitéis seo riachtanais chumhachta agus líon phointe luchtaithe atá de dhíth a mheasúnú chun tacú le glacadh méadaithe feithiclí leictreacha inár réigiún.

Spreagadh i dTreo Soghluaisteachta Leictrí

Tá cuspóir uaillmhianach leagtha amach ag Plean Gnímh Aeráide Náisiúnta na hÉireann don bhliain 2030: feithiclí leictreacha a bheidh i nach mór carr amháin as gach trí charr príobháideach in Éirinn.

Léiríonn sé sin gluaiseacht níos leithne ag leibhéil na hEorpa agus leibhéil an domhain araon chun deireadh a chur le feithiclí faoi lántiomáint ag inneall dócháin inmheánaigh (ICE) de réir a chéile agus roghanna eile atá níos inbhuanaithe agus níos neamhdhíobhálaí don timpeallacht de rogha orthu. Tá róil thábhachtacha le glacadh ag an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach araon i dtacú leis an aistriú go feithiclí leictreacha.

Tríd an Straitéis Luchtaithe Feithiclí Leictreacha a fhorbairt, tá cur chuige réamhghníomhach á ghlacadh ag Comhairle Cathrach agus Chontae Luimnigh chun measúnú a dhéanamh ar na ceanglais chumhachta a bhfuiltear ag súil leo ar an líonra agus cinneadh a dhéanamh faoi líon na pointí luchtaithe atá de dhíth chun tacú leis an líon méadaithe feithiclí leictreacha ar fud Luimnigh. Cabhróidh an straitéis seo le cinntiú go bhfanann Soláthar bonneagair pointe luchtaithe FL chun tosaigh ar éileamh.

Tionscadal Píolótach

I gcomhar le forbairt doiciméad na straitéise, tá CCCL ag cur tús le forbairt agus seachadadh tionscadal píolótach luchtaithe FL. Díreoidh an tionscadal sin ar réitigh luchtaithe tithe cónaithe agus pointe luchtaithe cinn scríbe a sholáthair ar fud na cathrach agus an chontae.

Tá an tionscnamh ar cheann de na chéad dá chineál in Éirinn agus beidh sé mar fheidhm aige taithí fhoghlama luachmhar a sholáthar, ní hamháin do Luimneach ach d'údaráis áitiúla eile ar fud na tíre. Mar chuid den tionscadal píolótach sin, tá sceitimíní orainn triail a bhaint as smaointe agus teicneolaíochtaí nuálacha, a chabhróidh le dul i bhfeidhm ar thodhchaí na soghluaisteachta leictreachais inár réigiún agus níos faide i gcéin.

Trí fhorbairt na Straitéise Luchtaithe Feithiclí Leictreacha agus seachadadh an tionscadail phíolótaigh, comhoibreoimid leis an earnáil phríobháideach chun tacú le leathadh amach agus seachadadh bhonneagair luchtaithe do phobal Luimhnigh agus i ndeireadh na dála, glacadh le húinéireacht FL a chur chun cinn.

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir lenár Straitéis Luchtaithe FL agus an tionscadal píolótach, le do thoil déan teagmháil le travelandtransportstrategy@limerick.ie

Download the latest documents