Scéim Feabhsúcháin Áitiúil (LIS)

Baineann Scéim Feabhsúcháin Áitiúil (LIS) le hoibreacha feabhsúcháin ar bhóithre príobháideacha/neamhphoiblí. Féadfaidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh cúnamh a sholáthar trí oibreacha a dhéanamh ar bhóithre atá incháilithe do Scéimeanna Feabhsúcháin Áitiúla.

Cáilitheacht

Is iad tionscadail bóithre incháilithe ná tionscadail a bhaineann le tógáil nó feabhsú ar bhóithre neamhphoiblí a sholáthraíonn rochtain:

  • do phíosaí talún, a bhfuil dhá cheann nó níos mó faoi úinéireacht nó á n-áitiú ag daoine éagsúla, nach mór duine acu a bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí talmhaíochta ar leith; nó
  • do chríocha bhaint an fhómhair (lena n-áirítear móin nó feamainn) do bheirt nó níos mó; nó
  • do phíosa talún amháin ar a laghad faoi úinéireacht nó á n-áitiú ag duine atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí talmhaíochta AGUS a sholáthraíonn rochtain do chríocha bhaint an fhómhair ina aonar (lena n-áirítear móin nó feamainn) do dhuine amháin eile ar a laghad.
  • Is féidir oibreacha a dhéanamh ar Bhóithre Conláiste freisin. Is bóithre neamhphoiblí iad Bóithre Conláiste as a dtagann áiseanna tábhachtacha phobail amhail reiligí, tránna, céanna, pointe rochtana sléibhte nó suíomhanna eile turasóireachta/ oidhreachta.

Tá síntiús áitiúla de 10% nó 15% de chostais an tionscadal (CBL san áireamh) iníoctha ag an iarrthóir, i.e 10% suas go dtí 5 áras agus an dá cheann san áireamh agus 15% do 6 áras nó níos mó (uasteorainn curtha leis ag €1,200 an teaghlach).

Conas iarratas a dhéanamh?

Íoslódáil agus comhlánaigh an Fhoirm Iarratais thíos agus seol ar ais chuig an seoladh seo a leanas.

Bóithre
Seirbhísí Lárnacha
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Tuar an Daill
Luimneach
V94 WV78

Download the latest documents

This service is provided by

Roads,Traffic and Cleansing

Phone +353 61 556000