Ionad Dramhaíola & Athchúrsála Ghort an Droma

Dúnadh láithreán líonta talún Ghort an Droma i 2014. Áfach, tá ionad dramhaíola agus athchúrsála i bhfeidhm ag láithreán Líonta Talún Ghort an Droma.

Uaireanta Oscailte Ionad Dramhaíola & Athchúrsála Ghort an Droma Tréimhse na Nollag, 2024.

Ar oscailt don Phobal ar an Máirt 17ú agus Dé Céadaoin 18ú Nollaig 2024, 9.00 uair go 15.00 uair.

Dúnta idir Déardaoin 19 Nollaig 2024 agus Dé Luain 6 Eanáir 2025 san áireamh.

Ar oscailt don Phobal ar Dé Máirt 7ú agus Dé Céadaoin 8ú Eanáir 2025, 9.00 uair go 15.00 uair.

Ionad Drámhaíola agus Athcúrsála  Ghort an Droma Uaireanta Oscailte

  • Ar oscailt Dé Máirt agus Dé Céadaoin gach seachtain, 9:00r.n. go 3:00i.n.
  • Dúnta le haghaidh am lóin ó 1:00i.n. go 1:30i.n.

Cineálacha Dramhaíola a nGlactar leo

  • Dramhaíl Mála Duibhe (Dramhaíl Tí)
  • Dramhaíl Thoirtiúil - Tochtanna, Leapacha, Toilg, Cathaoireacha, Táblaí, Cairpéid, Bréagáin Phlaisteacha, Adhmad Neamhchóireáilte, Drumaí & Coimeádáin Phlaisteacha Folamh

Táillí Diúscartha Dramhaíola

  • Íostáille - €20 an carr
  • Gach feithicil eile - Íoc de réir meáchain
  • €270 in aghaidh an tonna CBL san áireamh @ 13.5%

Tabhair faoi deara le do thoil: Ní ghlacaimid le cártaí creidmheasa nó léasair

Earraí Athchúrsála a nGlactar leo

  • Miotail Mheasctha
  • Nuachtáin/Irisí
  • Cartáin Tetrapack
  • Buidéil Plaisteacha
  • Cairtchlár
  • Buidéil Gloine
  • Cannaí Bia agus Cannaí Dí
  • Teicstílí

Táillí Athchúrsála: €5 an carr, €12 an carr & leantóir / veain éadrom.

Glactar leis na hábhair seo a leanas ag Gort an Droma freisin:

Dramhaíl Gairdín (Gearrtháin Fáil agus Crainn) - €40 an Tona
Dramhthrealamh Leictreach & Leictreonach Mór (WEEE) i.e. Meaisíní Níocháin, Cócaireáin agus Cuisneoir / Reoiteoirí Amháin) - Saor in Aisce

Sonraí teagmhála

Gort an Droma, Baile Dhá Thuile, Co. Luimnigh
Éirchód V94 XY04

(Thart ar 5 mhíle ó shráidbhaile Seanghualann)

Fón: +353 6982339