Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh diongbháilte ina tiomantas chun dul i ngleic le bruscar i gCathair agus i gContae Luimnigh agus Plean Bainistíochta Bruscair 2023 - 2026 a chuir i bhfeidhm.
Cuireann an plean seo leis an rath a bhí ar thionscnaimh roimhe seo, rud a léiríonn tiomantas na Comhairle do chosc éifeachtach ar bhruscar. Agus aitheantas á thabhairt do dhúshlán leanúnach an bhruscair ag an leibhéal áitiúil agus náisiúnta araon, dírítear i gcónaí ar bhruscar a laghdú agus a bhainistiú chun timpeallacht níos glaine agus níos tarraingtí a chruthú do mhuintir Luimnigh. Leagtar amach sa phlean seo na cuspóirí agus na gníomhartha a bhaineann le feasacht, cosc, rialú agus forfheidhmiú bruscair ó 2023 go 2026. Ghlac Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh leis an bPlean Bainistíochta Bruscair 2023-2026 ag cruinniú Márta 2024.