Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh freagrach as líon mór crann a chur, a chothabháil agus a bhainistiú i spásanna poiblí sa Chathair agus sa Chontae. Tá siad seo suite ar shráideanna agus ar ghlasbhealaí, i bpáirceanna, ar thailte foirgneamh poiblí agus i spásanna glasa cónaithe.
Soláthraíonn an doiciméad seo creat chun eolas agus tacaíocht a thabhairt do chinntí a dhéanann Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh (LCCC) maidir le bainistiú agus forbairt pobail de chrainn inbhuanaithe sa chathair agus sa chontae.
Soláthraíonn an Beartas pointe tagartha don phobal, do Chomhairleoirí, d’fhoireann na Comhairle agus do dhaoine a bhfuil spéis ghairmiúil acu chun plé eolasach a chumasú agus chun cur chuige níos soiléire, níos seasmhaí agus níos struchtúrtha a bhunú maidir leis na saincheisteanna a bhaineann le crainn.