Plean Iompair Áth Dara

Cuireann Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh tús le Plean Iompair d'Áth Dara a ullmhú.

Is cúis áthais do Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh (LCCC) a fhógairt go bhfuiltear ag cur tús le Plean Iompair chuimsitheach d'Áth Dara. Tá sé mar chuspóir straitéiseach ag an bplean, pleanáil agus seachadadh bonneagair iompair agus comhfhorbairt áite laistigh den sráidbhaile, a threorú, a chinntíonn todhchaí bhríomhar, inrochtana, agus inmharthana do mhuintir na háite ar fad agus do chuairteoirí.

Eochairchuspóirí an Phlean Iompair:

  • Measúnú ar Chúinsí Reatha: Déanfaimid na cúinsí tráchta agus gluaiseachta in Áth Dara agus a ceantair máguaird a mheas. Cuirtear san áireamh anseo straitéis mhionsonraithe ar éileamh páirceála, coinníollacha, agus srianta.
  • Príomh-idirghabhálacha Iompair a Aithint: Tá sé mar chuspóir againn méar a leagan ar idirghabhálacha iompair a chuirfidh le gluaiseacht agus nascacht laistigh den sráidbhaile.
  • Taisteal Inmharthana agus Gníomhach: Leagfar amach bearta sa phlean a chuirfidh taisteal inmharthana agus gníomhach chun cinn, a chuirfidh le sábháilteacht agus áisiúlacht siúlóide agus rothaíochta.
  • Feabhsuithe na Ríochta Poiblí: Díreofar isteach ar fheabhsuithe a dhéanamh ar spásanna poiblí sa tsráidbhaile, ag cruthú timpeallachta níos tarraingtí agus níos áisiúla don úsáideoir.

Tá an Plean Iompair seo mar ghné criticiúil de Phlean Ceantair Áitiúil Áth Dara 2024-2030, a thugann aghaidh go sonrach ar Chuspóir SM 1 (Gluaiseacht agus Rochtain).

Tá d'Ionchur ag Teastáil Uainn!
Lena chinntiú go bhfuil an Plean Iompair ag léiriú riachtanais agus mianta an phobail go cruinn, tugaimid cuireadh do mhuintir na háite agus úinéirí gnó a ndearcthaí a roinnt i shuirbhé ar líne. Tá do chuid aiseolais thar a bheith luachmhar maidir le múnlú todhchaí iompair Áth Dara.

Sonraí an tSuirbhé:
Tá an suirbhé ar fáil ar thairseach MyPoint an Chomhairle. Cliceáil anseo le do thoil chun an suirbhé a chomhlánú.

  • Dáta Oscailte: Dé hAoine an 31 Bealtaine
  • Dáta Deiridh: Dé hAoine an 21 Meitheamh

Na Chéad Chéimeanna Eile:
Déanfaidh na léargais a bhaileofar le linn an tsuirbhé seo eolas d'fhorbairt Dréachtphlean Iompair, a mheastar a bheidh réidh faoi dheireadh R3 2024.

Coinnigh tú féin ar an eolas:
Le tuilleadh sonraí a fháil maidir le Plean Iompair Áth Dara nó má tá ceist ar bith agat, le do thoil déan teagmháil linn ag travelandtransportstrategy@limerick.ie.