Is údar mór bróid é do Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, An Rannóg Comhshaoil agus Gníomhaithe ar son na hAeráide, i gcomhpháirtíocht leis an bhfoireann My Waste, Bailte Slachtmhara Áth Dara agus Pobal Gnó Áth Dara, a fhógairt gur sheol an Méara John Moran Mol Gnó Glas Áth Dara in Áth Dara Dé Máirt, 13 Lúnasa 2024.
Chuir Méara Luimnigh John Moran fáilte roimh an tionscnamh ag rá, “Níl aon amhras ach go bhfeabhsóidh an cur chuige iontach faoi stiúir an phobail atá taobh thiar de chruthú an tionscadail seo inbhuanaitheacht i sráidbhaile Áth Dara agus go mbeidh tionchar dearfach aige ar an athrú aeráide. Sa saol nua-aimseartha seo, tá Éire ag bogadh ar shiúl ón múnla traidisiúnta “tóg-déantúsaigh-úsáid-caith amach” i dtreo “geilleagair chiorclaigh” ar múnla fáis athghiniúna é ina ndéantar acmhainní a athúsáid nó a athchúrsáil oiread agus is féidir agus ina ndéantar dramhaíl a íoslaghdú. Tá an t-aistriú seo riachtanach anois chun an brú ar acmhainní nádúrtha an domhain a laghdú, chun cabhrú le spriocanna aeráide a bhaint amach, chun tacú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus chun fás agus poist inbhuanaithe a chruthú.”
Tá sé mar aidhm ag an tionscadal cur chuige faoi stiúir an phobail a chothú chun gníomhaíocht áitiúil ar an ngeilleagar ciorclach agus ar ghníomhú ar son na haeráide a chur chun cinn chun inbhuanaitheacht i sráidbhaile Áth Dara a fheabhsú.
Is é an aidhm is mó a bheidh ag tionscnamh an Mhoil Ghlais ná acmhainní agus tacaíocht a chur ar fáil do ghnóthaí áitiúla atá ag iarraidh cleachtais níos inbhuanaithe a ghlacadh chucu féin ó thaobh dramhaíola de, lena n-áirítear straitéisí coisctheacha le haghaidh dramhaíola agus scaradh dramhaíola a fheabhsú laistigh de chóras dramhaíola 3 bhosca bruscair.
Áireofar leis sin cur chun cinn na sraithe ábhar SAOR IN AISCE, arna fhorbairt ag www.mywaste.ie/business, atá ar fáil don phobal gnó lena n-áirítear
- Comharthaíocht araidí,
- Póstaeir
- Beochaintí oiliúna
- Teistiméireachtaí (físeáin)
Dar le Helen Kenneally, Oifigeach Feasacht Comhshaoil le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, “is sraith straitéisí gnó iontach soiléir ilfheidhmeach é www.mywaste.ie/business a chabhróidh leis an bpobal gnó an lipéadú ar a mboscaí bruscair a chaighdeánú laistigh den áitreabh agus ag an doras cúil araon. Dá réir sin, feabhsófar scaradh na dramhaíola a ghintear ar áitreabh gnó isteach sa chóras 3 bhosca bruscair agus cabhrófar le truailliú na sruthanna dramhaíola a chosc. Is gníomh dearfach aeráide é seo a chuirfidh leis an nGeilleagar Ciorclach. Is fiú go mór do ghnó ar bith am a chaitheamh ar na sraith straitéisí so-úsáidte seo”
Ina theannta sin, tabharfaidh an feachtas aitheantas poiblí do ghnóthaí a léiríonn tiomantas don inbhuanaitheacht.
Tugtar cuireadh do ghnóthaí seisiún duine le duine a chur in áirithe le comhairleoir dramhaíola de chuid Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh a thabharfaidh cuairt ar áitreabh gnó aonair chun cabhrú le hathruithe simplí a aithint chun laghdú, leithscaradh agus athchúrsáil dramhaíola a fheabhsú
Le cúnamh ó Bhailte Slachtmhara Áth Dara agus www.2gocup.ie, tá scéim cíosa cupáin in-athúsáidte á tabhairt isteach in Áth Dara mar chuid den fheachtas. Táthar ag súil go gcuirfidh an scéim úsáid agus díolachán cupán in-athúsáidte in Áth Dara chun cinn agus go gcuideoidh sí le líon na gcupán aonúsáide a laghdú.
Déan teagmháil le businesswaste@limerick.ie chun tuilleadh eolais agus cúnaimh a fháil.