Scéim Feabhsúcháin Bhóthar Pháirc Plassey

Is tionscadal é An Scéim Feabhsúcháin Bhóthar Pháirc Plassey atá á chur ar fáil ag Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh. Tá sé á mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair.

  • Active Travel Limerick Plassey Park Road

Cuimseoidh an tionscadal Bóthar Plassey agus Bóthar Pháirc Plassey i gCaladh an Treoigh, laistigh den Pháirc Náisiúnta Teicneolaíochta agus in aice le hOllscoil Luimnigh.

Tá sé beartaithe comharthaíocht a sholáthar ar acomhail Bhóthar Plassey/Bhóthar Pháirc Plassey agus acomhail Bhóthar Pháirc Plassey/Bhóthar na hOllscoile.

Áireofar sna hoibreacha freisin áiseanna tiomnaithe do rothaithe agus do choisithe a bheidh thart ar 750 méadar ar fad.

Cuirfear lánaí bus ar feadh Bhóthar Plassey agus Bóthar Pháirc Plassey araon, chomh maith le bearta tosaíochta bus ag an dá acomhal.

I ndiaidh di dul trí phróiseas comhairliúcháin phoiblí, rinne Comhairleoirí an Scéim a fhormheas trí iarratas pleanála Chuid 8 i mí na Samhna 2020. Féach ar: Cuid VIII - Oibreacha Feabhsúcháin Acomhal Bhóthar Pháirc Plassey | An Tairseach um Chomhairliúchán Ar Líne, Shuirbhéanna agus Fhoirmeacha Iarratais Chomhairle Cathrach & Contae Luimnigh.

Tá an Scéim á tógáil faoi láthair agus meastar go mbeidh sé críochnaithe i Ráithe 4 2024.

Is féidir na grianghraif tógála is déanaí den tionscadal a fheiceáil thíos.

This service is provided by

Active Travel

Phone +353 61 556000