Scéim um Thaisteal Gníomhach Bhóthar an Mhuilinn

Is tionscadal é An Scéim um Thaisteal Gníomhach Bhóthar an Mhuilinn atá á chur ar fáil ag Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh. Tá sé á mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair.

  • Mill Road photomontage 810x456

Is saoráid choisithe/rothaíochta roinnte easbhóthair a bheidh sa tionscnamh ó acomhal Bhóthar an Chorrbhaile go dtí ionad amhairc na Sionainne.

Tá an tionscnamh seo 1.4km ar fad agus beidh bearta maolaithe tráchta i gceist leis amhail trasrianta coisithe ardaithe.

Beidh an nasc seo ina chuid thábhachtach de na naisc um Thaisteal Gníomhach de chuid an Chorrbhaile, i bpáirt le chéile leis an Scéim um Bealaí Sábháilte chun na Scoile de chuid an Chorrbhaile atá á dul chun cinn.

I ndiaidh di dul trí phróiseas comhairliúcháin phoiblí, rinne Comhairleoirí an Scéime a fhormheas trí iarratas pleanála Chuid 8 i Meán Fómhair 2021.

Cuireadh tús leis an tógáil i mí na Samhna 2023 agus meastar go leanfaidh sé ar aghaidh go dtí lár 2025.

Download the latest documents

This service is provided by

Active Travel

Phone +353 61 556000