Bóthar na Mainistreach Duibhe, Áth Dara

Tá an tionscadal Bhóthar na Mainistreach Duibhe, Áth Dara á chur ar fáil ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh. Tá an tionscadal á mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair.

Blackabbey Road, Adare

Tá thart ar 1km de chosán rothar / coisithe roinnte sa scéim feadh an L1422 chun sráidbhaile Áth Dara a nascadh (trí lánaí atá ann cheana agus a bheidh faoi réir uasghrádú ar leith) leis na heastáit áitiúla atá ann cheana féin, le háiseanna spóirt etc.

Méadóidh an scéim deiseanna le haghaidh aistriú córa iompair, ag cur gréasán sábháilte, comhleanúnach, díreach agus tarraingteach ar fáil do chomaitéirí rothaithe.

Tá sé i gceist inrochtaineacht níos fearr a sholáthar do phríomh-mhealltóirí áitiúla agus cultúr rothaíochta a chur chun cinn trí éascú agus méadú a dhéanamh ar thurais rothaíochta comaitéireachta, áineasa agus fóillíochta laistigh de cheantar Áth Dara.

Tá an scéim chun cinn sa Réamhdhearadh agus tá measúnuithe comhshaoil á gcur i gcrích faoi láthair.

De réir mar a théann an Scéim ar aghaidh, déanfar an leathanach seo a nuashonrú leis an eolas is déanaí atá ar fáil maidir leis na hoibreacha.

This service is provided by

Active Travel

Phone +353 61 556000