Comhlíonadh Pleanála

Is éard atá i gComhlíonadh Pleanála ná an próiseas chun cloí leis na coinníollacha pleanála atá leagtha amach sa chead deiridh a fhaightear ón Údarás Pleanála nó ón mBord Pleanála. Caithfear cloí leis na coinníollacha uile a ghabhann leis an gcead. D’fhéadfadh imeachtaí forghníomhaithe a bheith mar thoradh ar neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha.

Cad is Comhlíonadh Pleanála ann?

Cad is gá duit a dhéanamh chun Coinníoll(acha) Pleanála a Chomhlíonadh?

Ní mór duit fianaise dhoiciméadach a chur isteach ar aon choinníoll(acha) a ghabhann le cead pleanála a éilíonn comhaontú scríofa ón Údarás Pleanála.

Sa chás go bhfuil coinníollacha ann nach mór cloí leo roimh thosach feidhme, ní mór duit iad a chur faoi bhráid an Údaráis Phleanála lena gceadú, sula dtosófar ar aon oibreacha.

Ní mór na doiciméid go léir a chur isteach chuig compliance@limerick.ie

Aon aighneacht chomhlíonta a gheobhaidh an tÚdarás Pleanála tar éis an 17 Nollaig 2021, maidir le coinníoll/coinníollacha a ghabhann le cead pleanála a éilíonn comhaontú i scríbhinn ón Údarás Pleanála, beidh sí faoi réir teorainn ama 8 seachtaine lena bhreithniú.

Tabhair faoi deara, le do thoil moltar gan aon obair a dhéanamh maidir leis an bhforbairt bheartaithe go dtí go mbeidh na coinníollacha pleanála riachtanacha aitheanta agus faofa i scríbhinn ag an Údarás Pleanála.

This service is provided by

Planning Development

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Dooradoyle, Limerick V94 XF67