Ceadúnas Alt 254 - fearais, cáblaí, comharthaí, troscán sráide nó nithe eile ar bhóithre poiblí.
Cad a éilíonn ceadúnas?
Beidh ceadúnas ó údarás pleanála ag teastáil uait chun na nithe nó an trealamh seo a leanas a chur ar, faoi, thar nó ar feadh bhóthar poiblí:
- inneall díola,
- léarscáil de bhaile nó de thírdhreach chun treonna nó áiteanna a thaispeáint,
- clárlach, fál nó scafall,
- déanmhas fógráin,
- cábla, sreang nó píblíne,
- bonneagar cumarsáide leictreonaí os cionn na talún agus aon bhonneagar fisiciúil a bhaineann leis amhail cuaille teileafóin nó caibinéad,
- both nó uaithne gutháin, nó
- aon fhearas, gaireas nó struchtúr eile a shonraítear i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil nó ag Acht Oireachtais a éilíonn ceadúnas.
Is sampla coitianta é iarratas ar cheadúnas chun boird agus cathaoireacha a chur lasmuigh d’óstán, bialann, teach tábhairne nó ionad eile. Ar an gcúis seo, tagraítear uaireanta d’iarratas ar cheadúnas mar cheadúnas do “throscán sráide”, cé go bhfuil go leor míreanna agus cásanna eile ina bhféadfadh ceadúnas a bheith ag teastáil dóibh.
Cad a dhéanfaidh an tÚdarás Pleanála a mheas?
Agus an t-iarratas ar cheadúnas á mheas, ní mór don Údarás Pleanála na nithe seo a leanas a mheas:
- pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an limistéir;
- aon fhorálacha iomchuí den phlean forbartha, nó de phlean limistéir áitiúil,
- líon agus suíomh na bhfearas, na ngaireas nó na ndéanmhas láithreach ar an mbóthar poiblí nó faoi nó thairis nó ar a fheadh, agus
- caoithiúlacht agus sábháilteacht d'úsáideoirí bóthair lena n-áirítear coisithe.
Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?
Chun iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas beidh ort an fhoirm iarratais a chomhlánú agus a chur isteach chuig an údarás pleanála mar aon le:
- Léarscáil de Shuíomh an Láithreáin - scála 1/2500
- Plean Leagan Amach an tSuímh a thaispeánann suíomh an fhearais/na bhfearas/ na struchtúir(í) beartaithe
- Líníocht(í) de réir scála an fhearais/na bhfearas/na struchtúir(í) beartaithe
- An Táille Cheadúnais chuí
- Cóip de Dheimhniú Árachais a shlánaíonn Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh in aghaidh éileamh a eascraíonn as aon tionóiscí do dhaoine nó do mhaoin.
An féidir liom achomharc a dhéanamh in aghaidh Chinneadh an Údaráis Áitiúil?
Faoi Alt 254(6)(a), deir an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) go bhféadfaidh aon duine achomharc a dhéanamh chun an Bhoird Phleanála i ndáil le ceadúnas faoin alt seo a dheonú, a dhiúltú, a tharraingt siar nó a leanúint i bhfeidhm, nó leis na coinníollacha a shonróidh an t-údarás pleanála maidir le ceadúnas den sórt sin.