Aighneachtaí

Is féidir le haon duine nó comhlacht, ar íocaíocht na táille forordaithe, aighneacht/tuairim i scríbhinn a dhéanamh chuig Údarás Pleanála maidir le hiarratas pleanála.

Ní mór an aighneacht/tuairim a dhéanamh laistigh den tréimhse 5 seachtaine dar tús ar an dáta a fhaigheann an tÚdarás Pleanála an t-iarratas.

Féadfar aighneachtaí maidir le hiarratais phleanála a dhéanamh:

  • Trínár dtairseach ar líne. Cliceáil anseo
  • Ríomhphost ag planning@limerick.ie
  • Post chuig an Oifig Pleanála, Halla an Chontae, Tuar an Daill, Luimneach

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith san áireamh i ngach aighneacht:

  • D’ainm iomlán agus do sheoladh poist
  • Admháil €20 ar íocaíocht táille aighneachta
  • An Uimhir Thagartha Pleanála 

Tabhair faoi deara le do thoil: tá na haighneachtaí go léir ar fáil ionas gur féidir leis an bpobal breathnú orthu.

Tábhactach: ní ghlacfar le haon aighneacht/tuairim nach gcomhlíonann go hiomlán riachtanais na Rialachán um Pleanáil agus Forbairt. 

This service is provided by

Place-Making and Public Realm

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, 7/8 Patrick Street, Limerick, V94 XF67