Chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a mbogann coisithe, rothaithe agus feithiclí faoi chathair Luimnigh, déanfaidh Foireann Taistil Gníomhaigh Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, suirbhéanna ag baint úsáide as feistí ceamara i gceantair ina bhfuil Scéimeanna Taistil Gníomhaigh á gcur i bhfeidhm agus ina gceantar máguaird. Déantar Suirbhéanna Tráchta thar thréimhse ama ghearr, de ghnáth dhá lá, ionas gur féidir leis an gComhairle coisithe, rothaithe agus feithiclí a chomhaireamh.
Beidh na pictiúir a ghlac na ceamaraí atá suiteáilte ag an suíomh a chonaic tú ar chaighdeán comhbhrúite agus dímholta nach gceadaíonn ach comhaireamh ar phictiúr bunúsach de dhuine, rothaí nó fheithicil, ach ní bheidh sé ar chaighdeán ard go leor chun aon chuid d'aithint phearsanta duine nó d'uimhirphláta na feithicle a cheadú. Úsáidtear an píosa scannánaíochta a ghlactar chun líon na ndaoine, na rothaithe nó na bhfeithiclí a dtéann thar an ceamara seo a chinntiú. Scriostar an píosa scannánaíochta laistigh de 28 lá ón ngabháil.
Úsáideann Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh na huimhreacha a ghintear thar réimse leathan de thionscadail, lena n-áirítear Taisteal Gníomhach, BusConnects agus Athbheochan i Lár na Cathrach chomh maith le feidhmeanna laethúla na Comhairle ar nós pleanála, forbartha gheilleagraí srl.
D’fhonn roinnt Scéimeanna Taistil Gníomhaigh a chur chun cinn, tá sé de cheangal ar Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh leibhéil tráchta sa cheantar a mheas, lena chinntiú go gcoimeádtar dearadh bhonneagar an tionscadail de réir na gcaighdeán is airde agus is féidir.
Bainfear úsáid as na ceamara chun líon na gcoisithe, rothaithe agus feithiclí a bheidh ag taisteal tríd na ceantair ina mbeidh siad suiteáilte a bhrath.
Comhaireamh Soghluaisteachta: Tá Áiritheoirí Soghluaisteachta i bhfeidhm go buan. Úsáidtear na suirbhéanna seo chun críocha na caoi a mbogann coisithe, rothaithe agus feithiclí thart i gCathair Luimnigh a thuiscint. Le haghaidh tuilleadh eolais ar Chomhaireamh Soghluaisteachta, cliceáil ar an nasc seo a leanas: https://www.limerick.ie/council/services/roads-and-travel/mobility-counting
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait déan teagmháil Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.
Fón: 061 556000
R-phost: customerservices@limerick.ie